CONNAUGHT IRISH.
ÓLAMUID SLÁINTE NA N-EUN.
Táinic an dréoilín go dorus tiġe an
tailliúr’,
Ḃuail ḃuille air ⁊ ḃain sé clár as;
Mar ndeunfaiḋ tú mo rapper ḋam agus
velvet lé n-a ċába,
Beiḋ mé ag gaḃáil de ṁaide ort no go
mbinsfiḋ mé do ċnáṁa.
Ólamuid sláinte na néun.
Mise Seáġan ’ac Síoda mac Síle Níc
Aṁlaiġ,
A ṫáinic ar an mbaile so ’réir a’ deanaḋ
cleaṁnais;
Tá bá ⁊ caoiriġ agat-sa ⁊ deis ṁór le
haġáiḋ bainse,
Agus mar dtugaiḋ tú d’inġean dam
imréoċad ort-sa an clampar.
Ólamuid sláinte na n-eun.
Tá siopa ag an dréoilín ċoṁ laídir ⁊ tá i
nGansa
Tá fíon ⁊ tá beoir aige, ta rum aige ⁊
brannda,
Tá líon a’ tiḋeaċt ’na ṫuilliḃ aige anall ó
ríġ na Fraince;
Tá an t-iolra mór a’seinm ceoil ⁊ an
milearún a’ daṁsa.
Ólamuid sláinte na n-eun.
Dá ḃfeicfeá sa an corr uaiṫne ⁊ í ṡuas ar
an green table,
A mionna ar an leaḃar gurab é an dreóilín
a céile;
“Ṫut, ṫut!” aduḃairt an breiṫeaṁ, “ní
ġlacfa mé mionna éiṫiġ,
“Naċ ait an rud corr uaiṫne agus dreóilin
a gaḃáil le ċéile.”
Ólamuid sláinte na n-eun.
Dá ḃfeicfeá an t-iolra mór ⁊ é ṡuas ar
an gCruaiċ Ṗádruic;
Ba ṁinic leis ḃeiṫ aigeanta ’s níor ṁinic
leis ḃeiṫ ráiḋteaċ;
Ċonnaic mé ar an gcurraċ é aréir a’ riṫe
rása,
Agus ḋá ċeann deug de ċearcáiḃ aige ṫug
sé ó mo ṁáṫair.
Ólamuid sláinte na n-eun.
Dá ḃfeicfeá iad-san cruinniġṫe uilig a’
dul ’un feusda;
“Go mbeannuiġiḋ Dia ’s Muire ḋuit,”
dúḃairt duine aca le ċéile;
“Mar dtugaiḋ siḃ rud eígin dam a ċuir-
feas mé in mo ḃeuḃar,
“Raċa mé go hIorrus, mar ḃeiḋeaḋ boċt
ag iarraiḋ déirce.”
Ólamuid sláinte na n-eun.
“Da ḃfaġainn an piópa dearg ⁊ bosca
lán de ṡnaoisín,
“Soiṫeaċ uisge beaṫa, ⁊ an bairile ḃeiṫ
líonta,
“Comrádaiḋe ḃeiṫ i n-aice liom ó ṁaidin
go dtí an oiḋċe,
“Níor ḃaogal do ṁaor an ḃaile so mo
ċapall ná mo caoiriġ.”
Ólamuid sláinte na n-eun.