Leadairt na bhfear mór

[ 237 ]
Leadairt na bhfear mór.

Bhí Gaibhdín Gabhna na chomhnuidhe air an Dárnaí aig taobh Dhuncanéile. Ní robh gaiscidheach air bith san rann Eórpa críochnaighthe, go bhfaghadh sé a chuid airm o Ghaibhdín Gabhna ⁊ cúrsa feoghluime. Thainic aon lá amháin Cúchulainn annsair go bhfaghadh sé a chúrsa gaisceamhlacht críochnaighthe. Ní gheánfad, arsa Gaibhdín Gabhna. Thug Balar leis an Ghlais Ghaibhleanna uam le tréan láimhe. Má bheir tú air ais an Ghlais Ghaibhleanna, gheánfaidh mise do ghraethe. Bhéarfaidh mise í air ais, arsa Cúchulainn. D’imthigh go Toraigh, an áit i robh caisleán Bhalair. Nuair thainic sé go bruach na fairge, ghlac sé eagla roimhe Bhalar ⁊ chóirigh ó fhéin ann éideadh mná. Chuaidh sé asteach. D’innis do Bhalar gur chomrádaidhe í da nighin. Ghlac nighean Bholair é mar chomrádaidhe. Bhidheadh siad ag siubhal ⁊ ag comhrádh. Bu ghoirid go robh fhios aig nighean Bhalair gur fear bhí ann a comrádaidhe. Thuit sí go mór i ngrádh leis. Ghuid nighean Bhalair ⁊ Cúchulainn an Ghlais Ghaibhleanna anns an oidhche ⁊ thug asteach air tír móir í. Lá air n-a bhárach chrunthaigh Balar a bhó. Lean sé Cúchulainn. Ag teacht aníos na Rosa, chonnaic sé Cúchulainn i bhfad roimhe. Bhí súil neimhe aig Balar. Nuair nochtadh sé í, an chéad rud da n-amhairceachadh sé air, scriosfadh sé é. D’amhairc sé i ndiaidh Chúchulainn. Acht is é an talamh an chéad rud a chonnaic sé. Rinne sin an talamh dearg ⁊ tá an dath sin air an tír sin o shoin. Nuair thainic Cúchulainn fhad [ 239 ]le Gaibhdín Gabhna ⁊ an bhó leis, bhí lúthgháir mhór air Ghaibhdín ⁊ rinne sé féasta mór dó fhéin ⁊ do Chúchulainn. Aig deireadh an fhéasta d’iarr sé air Chúchulainn scéal do innse dó o’n taobh o dheas. Dubhairt Cúchulainn nach dtiocfadh leis sin do dhéanadh ⁊ duine air bith eile do bhéith ag éisteacht. Glanfaidh mise an teach, arsa Gaibhdín. D’órdaigh sé amach a robh de dhaoiní san teach. Bhí nighean aig Gaibhdín ⁊ ní h-amach chuaidh sí acht i bhfolach i gcúl an dorais. Thoisigh Cúchulainn do innse scéil ⁊ dubhairt go dtainic coimhéad cuain ⁊ cala air aon lá amháin, go bhfacaidh sé long ag tairnt chuige as an áird thiar. Go robh an-mhéid anns an luing, aon fhear amháin air bórd ⁊ go dtainic sí comh gasta, nach robh maith leis teicheadh. Léim sé amach as an luing ⁊ bológ leis. Bhí an bhológ mór do réir an fhir ⁊ na luinge. Thainic aníos ⁊ ’un cainte le Cúchulainn. D’fhiafraigh an dtiocfadh leis gléas bruithe do fhagháil do’n bholóig. Bhí cual chonnaidh sheacht mbliadhan ⁊ coire a bhruithfeadh seacht muca, seacht muilt ⁊ seacht mairt. Theiseain dó an chual chonnaidh. Chuir sé a dhá láimh (g)ach fá dtaobh dithe. Thug leis ⁊ d’fhág í neas do’n bholóig. Thainic air ais ⁊ rug air an choire. Thug leis ⁊ d’fhág an coire na shuidhe air an chual. Ghlac a chlaidhimh ⁊ ghlan an bhológ ⁊ chuir san choire í. Bhí an teini mór ⁊ bu ghoirid go robh an fheóil bruithte. Shuidh síos ⁊ thúsaigh d’ithe na feóla, gur ith sé mórán. Rug air adharc na bolóige ⁊ thúsaigh sé do ól an tsúgh. Nuair d’ól sé a sháith ⁊ d’ith sé a sháith, chaith sé uadh an adharc. Thuit sí air an bharr chaol ⁊ chuaidh sí giota mór i dtalamh. Anois, arsa an fear mór, tá námhaid mo dhiaidh-sa, fear eile tá go mór níos mó ná mise le mo mharbhadh. Da ndeánthá coimhéad domh ⁊ gan é do leigean orm a gan fhios(t) choidleachainn néal, nuair atá mo sháith ithte agam ⁊ mo sháith ólta, da bhfaghainn néal codlata. Níor chodail mé aon néal le seacht n-oidhche ⁊ seacht lá ⁊ an fear mór mo dhiaidh. Da bhfaghainn néal do chodladh, saoilim go mbéidhinn ábalta do throid. Gheall Cúchulainn dó go gcoimhéadadh sé. Má bhidhim doiligh do mhuscladh, arsé, gearr an ladhar bheag díom. Thuit sé na chodladh ⁊ shaoiltheá go tairngeachadh sé dhá thaobh an domhain air a chéile le srannfaoi. Aig ceann tamaill chonnaic Cúchulainn an long mhór ag teacht. Ní robh long an chéad fhathaigh acht mar bhéidheadh copan i gcomórtas leis an luing dheireannaigh. Chraith sé an fathach. Acht ní thainic leis é do mhuscladh. Thairng sé a chlaidhimh ⁊ bhain an ladhar bheag de le buille mór. D’éirigh sé ann a sheasadh. Ní robh ann acht go robh [ 241 ]sé ann a sheasadh ⁊ faoi arm, nuair bhí an fathach mór i lathair. Thusaigh an leadairt. Ní fhacas a leitheid ariamh i n-Éirinn. Bhí cumadh air an fhathach mhór, go mbéidheadh sé ró-ábalta aig an chéad fhear. Bhí níos mó de dháimh aig Cúchulainn leis an chéad fhear. Thairng a chlaidhimh ⁊ thoisigh do bhualadh an fhir mhóir. Ní robh ann acht go dtainic leis sroicheadh go meall a chos. Mar sin fhéin, bhí sé cur feirge air an fhear mhór. Chuir sé thart a lámh. Fuair sé greim air. Sháith sé suas faoi n-a bheilt é. Bhí fearg air Chúchulainn ⁊ thúsaigh sé do ghearradh na beilte. Fá dheireadh fuair sé a gearradh. Nuair gearradh an bheilt, thuit Cúchulainn ’un talaimh. Ní fhuair sé aon leagadh ariamh comh mór leis. Bhí níos mo feirge air ná bhí aroimhe ⁊ bhí sé cuir iargnuidh air an fhear mhór. Chuir sé thart a lámh. Rug sé air ⁊ chaith sé siar an machaire é. Is é an ait ar thuit sé air mhullach a chinn síos ann adharc na bolóige. Nuair chualaidh nighean Ghaibhdín, leig sí gáire mór i gcúl an dorais. Ní Cúchulainn bu chóir do bhéith ort san am sin, arsí, acht Cú na h-Adhairce. Mo mhallacht ort, arsa Cúchulainn, ⁊ air mhná na h-Éireanna. Tá an scéal caillte. Bhí trian de sheanchas(c) na h-Éireanna i bhfiannaigheacht, trian i scealaigheacht, trian air leadairt na bhfear mór. Ní chluinfear go brathach é le h-eagla go gcluinfidhe comh dona as d’éirigh domhsa. Cailleadh an chuid eile de’n scéal.