Page:1917 Dubliners by James Joyce.djvu/106

This page has been proofread.

ag íoc ag an deasc agus ag dearmad phiocadh suas na pingine de bhriseadh airgid, sa dóigh is gur ghlaoigh an mion-airgeadóir air teacht ar ais, agus, sa deireadh, ag iarraidh cheilt an lasta ina ghrua agus é ag fágáil an tsiopa as scrúdú an bheartáin féachaint an raibh sé ceangailte go docht daingean. Nuair a rug sé an blús abhaile phóg Annie é agus ndúirt go raibh sé an-ghleoite agus an-ghalánta; ach nuair a chuala sí an costas air chaith sí an blús ar an bhord agus ndúirt gur dhearg-chalaois é éileamh deich agus aon phingin déag air. Ar dtús, ba mhian léi a thabhairt ar ais ach nuair a chuir sí uimpi é chuir sé gliondar uirthi, go háirithe déantús na muinchillí, agus phóg sí é agus dúirt gurbh an-deas uaidh é smaoineamh uirthi.

Há!

Scrúdaigh sé na súile sa ghrianghraf go fuarálach agus d'amharcadar siúd amach go fuarálach ar ais air. Cinnte, bhíodar gleoite agus bhí an aghaidh féin ghleoite. Ba shuarach leis rud éigin faoin aghaidh áfach. Cad ina thaobh go raibh sí chomh fuarchúiseach agus chomh banúil sin? Chuir maorgacht na súl olc air. Chuireadar gráin air agus thugadar a dhúshlán: ní raibh paisean ná sceitimíní iontu. Smaoinigh sé ar a ndúirt Gallaher leis i dtaobh ban Giúdach. Na súile dorcha Oirthearacha sin orthu, a smaoinigh sé, nach iad atá lán de phaisean, de dhúil mhacnasach!... Cad chuige ar phós sé na súile sa ghrianghraf?

Ghlac an cheist seilbh air agus thug sé silleadh súl go faiteach timpeall an tseomra. Mheas go raibh rud éigean suarach faoin troscán gleoite a thóg sé ar cíoscheannach don tigh. Ba í Annie féin a roghnaigh é agus chuir sé í i gcuimhne dhó. Bhí sé ró-phointeáilte agus ró-deismíneach.