Page:1917 Dubliners by James Joyce.djvu/110

This page has been proofread.

MACASAMHLA

Bhain an cloigín macalla as na ballaí, agus iar ndul do Miss Parker anonn chuig an ghléas gutháin, ghlaoigh guth cuthach a raibh blas géar Ultach amach:

“Seol Farrington anall chugam!”

Ag filleadh ar a gléas clóscríofa, dúirt Miss Parker le fear a bhí ag scríobh ag deasc:

“Taoi ag teastáil thuas staighre ó Mhister Alleyne.”

“Droch-chríoch air!” a chaith sé faoina anáil, agus bhrúigh siar a chathair a éirí ina sheasamh. Nochtadh a airde agus a thoirt mhór ag éirí ina sheasamh dhó. Bhí dreach sleabhctha aige ar dhath dhorcha fíona, le malaí agus croiméal fionna: bholg a shúile amach beagán agus ba shalach a ngealacáin. D’ardaigh sé an cuntar agus d’fhág an oifig de choiscéim throm ag dul thar bhráid na gcustaiméirí dhó.

Chuaigh sé go spadánta suas staighre gur shroich an dara léibheann, mar a raibh inscríbhinn Mr Alleyne ar phláta práis crochta ar dhoras. Stad sé anseo agus gearranáil air ag an tsaothar, ag a fheirg, sular bhuail ar an doras. Ghlaoigh an guth géar:

“Tar isteach!”

Ghabh an fear isteach i seomra Mr Alleyne. Ag an am chéanna, fear beag a raibh spéacláirí le frámaí óir á chaitheamh aige ar dhreach ghlan-bhearrtha, d’ardaigh sé a cheann de sciotán aníos thar charn cháipéisí. Bhí an ceann féin chomh maol agus ar dhath chomh fionndearg sin nach raibh d’oidhre air