ag tabhairt chúis a thurais le fios dó le síneadh dá mhéar.
Chaith an príomhchléireach súil ar an tseastán hata ach, nuair a chonaic go raibh an tsraith hata iomlán, níor chuir focal isteach. A thúisce is a bhí sé ar an léibheann, tharraing an fear caipín bhreacán aoire as a phóca, chuir ar a cheann agus rith síos an staighre corrach. Shiúil go fáilí ón doras sráide i dtreo an choirnéil ar an taobh istigh den chosán, gur rop isteach doras. Bhí sé slán sábháilte anois i síbín dorcha seascair shiopa Uí Néill agus, ag líonadh na fuinneoige bige a d’fhéach isteach ar an bheár dó lena aghaidh shéidte a bhí ar dhath fíona deirg nó fheoil fola, ghlaoigh amach:
“Seo, Pat, tabhair g.p. dom, togh fir.”
Thug an séiplíneach[1] gloine pórtair dó. D’ól an fear é in aon bholgam amháin é, agus d’iarr síol cearbhais. D’fhág a phingin ar an chuntar gur imigh ón tsíbín chomh fáilí céanna is a chuaigh isteach ann, ag fágáil an fhir ag póirseáil don phingin sa dorchadas dó.
Bhí dorchadas, araon le ceo trom, ag fáil an ceann is fearr ar an bhreacdhorchadas thráthnóna Feabhra agus bhí na lampaí i Sráid an Iustásaigh arna lasadh. Ghabh an fear suas an tsráid ar thaobh na dtithe den chosán gur shroich doras na hoifige agus amhras air go gcríochnódh sé a mhacasamhail in am. Ag dul suas an staighre dhó, d’fháiltigh boladh thais láidir cumhráin roimh a shrón: ba léir gur tháinig Mrs Delacour fad is a bhí seisean i dtigh Uí Néill. Shac sé a chaipín ina phóca arís agus chuaigh isteach san oifig in athuair, agus é ag cor gothaí na neamhairde air féin.
- ↑ Curate an focal a d'úsáid Joyce. Is cosúil gur leasainm é ar fhear beáir. Gloine pórtair is brí le g.p.