iarradh réamhíocaíochta ón airgeadóir? Arú, ní raibh aon mhaith san airgeadóir, aon mhaith ar bith: ní thabharfadh sé réamhíocaíocht... Bhí a fhios aige cá mbuailfeadh sé leis na leaideanna: Leonard agus O Halloran agus Nosy Fylnn. Bhí an baraiméadar dá lionnta ag tuar scléipe.
Bhí a shamhlaíocht imithe a fhad sin ar fán gur glaodh a ainm faoi dhó sular thug sé aird air. Bhí Mr Alleyne agus Miss Delacour ina seasamh lasmuigh den chuntar agus bhí aghaidh gach cléireach tugtha ina threo in oirchill rud éigin. Sheas an fear aníos ón deasc. Thug Mr Alleyne faoi íde béil fhada, ag rá dhó go raibh dhá litir ar iarraidh. D’fhreagair an fear nach raibh a fhios aige a dhath fúthu, go ndearna sé cóip chruinn. Lean an sciolladh ar aghaidh: bhí sé chomh feannta agus chomh fíochmhar gurb é a sháith don fhear é a dhorn a chosc ar thitim anuas ar cheann an fhirín ós a chomhair:
“Níl eolas dá laghad agam ar dhá litir ar bith eile,” a dúirt sé go maol.
“Níl – eolas – dá – laghad - agat. Ar ndóigh níl eolas dá laghad agat,” ar Mr Alleyne. “Inis dom,” a lean sé, agus thug sracfhéacaint ar dtús ar an bhean lena thaobh go bhfeiceadh sé an raibh sí ar aon dul leis, “an gceapair gur amadán mé? An sílir gur pleidhce cruthanta mé?”
Chaith an fear súil ar aghaidh na mná uaisle agus ansin ar an cheann beag a bhí ar dhéanamh uibhe agus ar ais arís; agus, nach mór sula raibh a fhios aige féin faoi, d’aimsigh a theanga ala tráthúil:
“Ní dóigh liom, a dhuine uasail,’ ar sé, ‘gur ceist chóir í sin le cur orm.”
Baineadh stad as análú féin na gcléireach.