rith dailtíní gioblacha sráide thall is anall ag screadadh ainmneacha eagrán nuachta na hoíche. Ghluais an fear tríd an tslua, ag amharc ar an fheic i gcoitinne go sásta mórtasach agus ag stánadh go tiarnúil ar na cailíní oifige dhó. Bhí a cheann lán le fuaimeanna na gclog tramanna agus le sioscadh carráistí agus bhain a shrón boladh mhúch puinse amach a bhí ag éirí ina gcoirníní san aer. Ag siúl chun cinn dó, d’eagraigh sé an dóigh a ríomhfadh an eachtra do na leaideanna:
“Agus, ní dhearnas ach amharc airsean – go réchúiseach, an bhfuil ‘fhios agaibh, agus amharc uirthise. Ansin d’amharcas airsean arís eile – ag bualadh leithead den aimsir, an bhfuil ‘fhios agaibh. ‘Ní dóigh liom’, ar mé, ‘gur ceist chóir í sin le cur orm’, ar mé.”
Bhí an Floinneach Srónach ina shuí ina ghnátháit i dtigh Davy Byrne agus, nuair a chuala an scéal, cheannaigh leath-cheann do Farrington, ag rá dhó gurb é sin an rud ba chliste dar chuala riamh. Cheannaigh Farrington deoch dósan ar a sheal. Tháinig an t-Allúrach agus Paddy Leonard isteach tar éis tamaill agus d’athinsíodh an scéal dóibh. D’íoc Ó hAllúrán as gloiní fuisce aon-bhraiche do chách, iad te, agus d’inis an scéal faoin spalla a chaith sé leis an phríomhchléireach nuair a bhí sé le gníomhaireacht Uí Chathghaláin i Sráid Fownes; ach, de bhrí go raibh an spalla ar nós chaint na n-aoirí sna h-eaclóga,[1] b’éigean dó admháil nach raibh sé chomh cliste le spalla Farraington. Leis sin dúirt Farrington leis na leaideanna caitheamh siar na ndeochanna sin go mbeadh ceann eile acu.
Díreach agus iad ag rá céard a bheadh acu, cé a bhuailfeadh isteach ach Higgins! Ar ndóigh chaithfeadh seisean