Page:1917 Dubliners by James Joyce.djvu/120

This page has been proofread.

deoch a ól in éineacht le gach duine eile. D’iarr na fir air ríomh a leagan féin den scéal, go ndearna sé é le neart spleodair, mar ba mheadhránach an t-amharc é chúig ghloine fhuisce the os comhair a dhá shúil. Scairt gach uile dhuine amach ag gáire nuair a thaispeáin sé an dóigh a chroith Mr Alleyne a dhorn san aghaidh ar Farrington. Ansin rinne sé aithris ar Farrington, ag rá dhó, ‘agus seo mo dhuine, gan a dhath mairge air’, fad is a d’amharc Farrington ar an chomhluadar as a shúile troma salacha agus é ag déanamh mheangadh gáire agus ag tarraingt braonacha fánacha óil óna chroiméal lena liopa íochtarach.

Nuair a bhí an cur dí sin thart bhí moill ann. Bhí airgead ag an Allúrach ach shílfeá nach raibh ag an bheirt eile; d’fhág an chuideachta ar fad an siopa dá dheasca sin agus pas beag aiféala orthu. Dhealaigh an t-Uiging agus Nosy Flynn leo ag cúinne Shráid an Diúic fad is a bhí an triúr eile ag filleadh ar a n-ais i dtreo na cathrach. Bhí sé ag cur brádán báistí ar na sráideanna fuara agus, ar sroicheadh an Ballast Office dóibh, mhol Farrington an Scotch House.[1] Bhí an beár dubh le fir agus ar aon fhuaim amháin teangacha agus gloiní. Bhrúigh an triúir fear tríd na díoltóirí glóracha lasáin ag an doras gur bhailíodar le chéile i mbaicle bheag ag cúinne an chuntair. Thosaíodar ag malairt scéalta. Chuir Leonard in aithne ar stócach darb ainm Weathers a bhí ag imirt mar chleasaí agus mar fhuirseoir siamsa sa Tivoli iad. Cheannaigh Farrington deoch do chách. Dúirt Weathers go n-ólfadh fuisce beag le Apollinaris.[2] Thairg Farrington Apollinaris do na buachaillí eile freisin

  1. Ballast Office: foirgneamh ar Shráid Westmoreland a bhí ina ionad riarachán ag Comhlacht Chalafort Átha Cliath, nó an Ballast Commitee] mar ab ainm don chomhlacht seo ag an am . Maidir leis an Scotch House, is foirgneamh ar Ché an Bhurcaigh é.
  2. uisce mianrach coipthe. Is le Coca Cola an marc seo anois