dhearg agus bhí croiméal breacliath aige. Meas Maria go raibh cuma an choirnéil ar an duine uasal agus smaoinigh ar mhéad a dhea-bhéasa i gcomparáid leis na fir óga nach ndearna acht stánadh díreach rompu. Tosaigh an fear uasal ag caint léi faoi Oíche Shamhna agus faoin aimsir fhliuch. Fiafraigh an raibh an mála lán le sócamais do na gasúir agus dúirt gur cheart do gasúir bhaint suilt as an tsaol agus iad óg. D’aontaigh Maria leis agus thug le fios gur thaitin a chomhluadar léi le sméidte cinn modhúla. Bhí sé an-deas léi agus ghabh sí buíochas leis agus d’umhlaigh dhó ag tuirlingt den tram di ag Droichead na Canálach, gur umhlaigh seisean dise, chuir a lámh ina hata agus rinne meangadh lách gáire, agus ag dul suas an tsraith tithe dhi, lena ceann beag bídeach cromtha faoin bháisteach, smaoinigh sí ar a éasca is a bhí sé aithint duine uasail, go fiú nuair a bhíos sé súgach.
“Ó, seo Maria! a dúirt gach uile dhuine ar teacht isteach teach Joe dhi. Bhí Joe ann, é tagtha abhaile ó chúrsaí gnó, agus bhí éadaí Domhnaigh ar na páistí go léir. Bhí beirt chailíní móra bhéal dorais i láthair agus bhí na cluichí ar siúl. Thug Maria an mála cístí don bhuachaill ba shine, Alphy, chun a roinnte agus dúirt Missus Donnelly gur dheas uaithi tabhairt mála cístí chomh mór sin, agus chuir iallach ar na páistí go léir gabháil buíochais léi:
“Go raibh maith agat, Maria.”
Ach dúirt Maria gur thug rud éigin speisialta léi do phapa agus do mhama, rud éigin a thaitneodh leo go cinnte, agus thosaigh ag cuardach a cáca rísíní. Chuardaigh mála Downes agus ansin