Page:1917 Dubliners by James Joyce.djvu/133

This page has been proofread.

pócaí a cóta báistí agus ansin an seastán hataí ach níor aimsigh in áit ar bith é. Ansin d’fhiafraigh de na páistí uile ar ith páiste ar bith dhíobh é, trí bhotún - ar ndóigh – ach dúirt gach aon mhalrach nár ith agus bhí an chuma orthu nár thaitin sé leo ithe cácaí más é go gcuirfí goid ina leith ansin. Bhí a réiteach féin ag gach uile dhuine ar an mhistéir agus dúirt Mrs Donnelly gur léir gur fhág sí ina diaidh ar an tram. Chuimhnigh Maria ar mhéad an trí chéile a chuir uirthi fear uasal an chroiméil bhreacléith, gur dhearg le teann náire agus bambairne agus díomá. Ba bheag nár bhris an gol uirthi mar gheall ar theip a bronntanais gan choinne agus an dá scilling agus cheithre phingin a chaith sí le fána.

Dúirt Joe gur chuma é áfach agus thug uirthi suí síos cois na tine. Bhí sé an-chineálta léi. D’eachtraigh gach a tharla san oifig di agus d’inis freagra deisbhéalach a thug sé don bhainisteoir. Níor thuig Maria cad ina thaobh go raibh Joe sna trithí ag gáire faoin fhreagra a thug sé ach dúirt nár mhóide ná go raibh an bainisteoir an-tiarnúil mar dhuine. Dúirt Joe nach raibh aon dochar ann ach tuiscint a bheith air, gur dhuine gnaíúil ach gan teacht in aghaidh an tsnáithe air. Sheinn Mrs Donnelly an pianó do na páistí agus dhamhsaíodar siúd agus chanadar. Ansin sheachaid an bheirt chailíní bhéal dorais na cnónna. Níor fhéad duine ar bith teacht ar na cnóirí agus bhí Joe ag éirí cantalach nach mór, gur fhiafraigh conas a cheapadar go mbrisfeadh Maria cnónna gan chnóire. Ach dúirt Maria