Page:1917 Dubliners by James Joyce.djvu/136

This page has been proofread.

D’iarr Mrs Donnelly ar na malraigh fanacht ina dtost a éisteacht le hamhrán Maria. Sheinn sí an tús go ndúirt “Anois, Maria!”, agus las Maria go bun na gcluas, agus thosaigh ag gabháil fhoinn i nguth íseal creathánach. Chan I Dreamt that I Dwell,[1] agus nuair a tháinig ar an dara véarsa chan arís:

Tabhraíodh dhom go rabhas i mo chónaí i bpálás álainn
agus seirbhísí agus daoir ag freastal orm
agus thar gach aon eile ‘tháinig faoi fhraitheacha an tí sin
gur mise is mó a bhí a bhí mórtas as agus dóchas ann.
Agas is agam a bhíodar na táinte airgid
agus sean-shloinne maorga mór le rá,
ach an rud is mó a thaitin liom sa bhrionglóid,
go rabhais i ngrá liom i gcónaí.

Níor thriall duine ar bith cur in iúl a botúin di áfach; agus nuair a chríochnaigh a hamhrán ba mhór an maoithneachas a bhí ar Joe. Dúirt sé nach raibh a shárú ar an tseanaimsir agus nach raibh a shárú ar cheol sean-Balfe bocht dar leisean, cuma céard a deireadh daoine eile; agus tháinig deoir chomh mór ar an tsúil aige is nár aimsigh sé an rud a bhí á lorg aige agus b’éigean dá bhean rá leis cá raibh an corcscriú.

  1. Aria cáiliúil ón cheoldráma The Bohemian Girl leis an Éirinneach Michael William Balfe.