Page:1917 Dubliners by James Joyce.djvu/137

This page has been proofread.

CÁS COSCRACH


Bhí Mister James Duffy ag cur faoi i Séipéal Iosóid[1] mar gur mhian leis bheith ina chónaí a fhad agus a d’féadfadh leis ón chathair ar shaoránach é agus mar gur shuarach, mhóiréiseach, nua-aoiseach leis gach uile bhruachbhaile eile Átha Cliath. Bhí sé ag cur faoi i seantigh stuama agus bhí radhairc aige óna fhuinneoga ar an tsean-drioglann thréigthe síos uaidh nó suas uaidh ar an abhainn thanaí a shín chun na farraige agus ar tógadh Baile Átha Cliath uirthi. Ní raibh pictiúr dá laghad ar bhallaí arda a sheomra ná brat ar an urlár. Gach ball troscáin dá raibh sa tseomra, is é féin a cheannaigh é: leaba iarainn duibh, bord níocháin iarainn, cheithre chathair cliath, cnagadán éadaí, buicéad guail, fiondar agus uirlisí tine agus tábla cearnógach a raibh deasc dhá léibheann ann. Tógadh seilfeanna adhmaid báin sa chuasán sa chaoi gur fheidhmíodar mar leabhragán. Bhí an leaba cóirithe in éadaí bána agus chlúdaigh súsa dubh agus flanndearg a bhun. Bhí scáthán beag láimhe crochta os cionn an bhord níocháin agus i rith an lae sheasadh lampa le scáthlán bán leis féin ar an mhatal. Leagadh na leabhair ar na seilfeanna bána ón bhun aníos de réir toirte. Bhí leabhar shaothar iomlán Wordsworth suite ar thaobh amháin den tseilf is ísle agus bhí cóip den Teagasc Criostaí Mhaigh Nuad suite ar an teilf is airde, é fuaite do chlúdach éadaigh leabhair nótaí. Bhíodh culaith

  1. Chapelizod an Anglú ar an logainm. Tógann an áit a hainm as an tséipéal a tógadh in onóir Ísóid (Izold/Esyllt/Iseult/Isolde) ón fhinscéal tragóideach faoi ghrá Tristan agus Izold. Deirtear gurbh as an áit seo dhi.