Duine beag fionn ab é Mr Bell, an teanór déach, a ghlac páirt sa ‘Feis Ceoil’ [sic] gach bliain ar son na nduaiseanna. Bronnadh bonn cré-umha air ina cheathrú thriail. Ba dhuine thar a bheith imníoch é agus bhí an-éadmhar ar fad leis na teanóir eile agus cheileadh a éad imníoch le caint is cairdeas spleodrach. Bhí nós aige cur i gcion ar dhaoine gurbh ionann ceolchoirm agus páis céasta leis. Mar sin nuair a chonaic an Mr Duggan ghabh anall chuige a fhiafraí:
“An bhfuil páirt agatsa inti chomh maith?”
“Tá” ar Dubhagán.
Rinne Mr Bell gáire faoina chomh-fhulangaí, shín amach a lámh agus dúirt:
“Croith lámh liom!”
D’imigh Mrs Kearney thar an bheirt fhear seo agus chuaigh go himeall an scáthláin a fheiceáil an tslua. Bhí na suíocháin á líonadh go gasta agus ba údar misnigh torann an tslua. Tháinig sí ar ais gur labhair os íseal lena fear. Ba léir gurbh í Kathleen ábhar a gcomhrá mar thugadar beirt sracfhéachaint thall uirthi go minic fad is a bhí sise ina seasamh ag caint le bean dá cairde Náisiúnacha, Miss Healy, an contralto. Shiúl bean aonarach bhánghnéítheach trasna an tseomra. Lean súile na mban an gúna gorm tréigthe a theann um a corp dearóil. Dúirt duine amháin gur Madam Glynn, an soprana ab í.
“Meas tú cén carn aoiligh a fuaireadar ise?” ar Kathleen le hIníon Uí hÉilidhe. “Táim cinnte nár chualas trácht riamh uirthi.”