Page:1917 Dubliners by James Joyce.djvu/197

This page has been proofread.

“Tá sé ceart go leor, a chonstábla. Tionlacfad abhaile é.”

Chuir an póilín lámh ina chlogad agus d'fhreagair:

“Tá go maith, Mr Power!”

“Gabh i leith, Tom,” a dúirt Mr Power, ag breith ar láimh a charad dó. “Níl cnámh briste, an bhfuil? An bhfuil siúil agat?”

An fear óg sa chulaith rothaíochta, thacaigh le láimh eile an fhir agus d’fhág an slua an bealach dóibh.

“Cén chaoi a tharraingís an riocht seo ort féin?” a d’fhiafraigh Mr Power.

“Thit an fear uasal síos an staighre,” a dúirt an fear óg.

“’áim go mó’ faoi chomaoi’ aga’, a dhuine ua’a’,” ar an fear gortaithe.

“Fáilte romhat.”

“Beidh ‘eoch beag...”

“Ní bheidh anois, ní anois.”

D’fhág an triúr fear an teach óil, agus bhrúigh an slua trí na doirse amach gur phlód an lána. Thug an bainisteoir an póilín chuig an staighre a scrúdú láthair na timpiste. Is í an mheabhair a bhaineadar beirt as gur thuisligh an fear uasal. D’fhill na custaiméirí agus chrom fear beáir ar ghlanadh gach rian fola ón urlár.

Iar dteacht amach ar Shráid Grafton dóibh, lig Mr Power feadaíl ar charr cliathánach.[1] Dúirt an fear gortaithe arís eile chomh maith agus a tháinig dó:

“’áim go mó’ faoi chomaoi’ aga’, a dhuine uaha’.” Thá húil agam go gca’faimidh ar a chéi’e a’ís. Ker[n]a[n] is ai’m dhom.” [2]

  1. carr cliathánach: ‘outsider’ a chuireas Joyce air. Tacsaí dhá rotha gan díon a bhfuil droim na suíochán lena chéile. Sa dóigh sin, tá aghaidh na bpaisinéirí le ‘outside’ i. leis an taobh amuigh (foinse: gluais eagrán Wordsworth Classics den leabhar)
  2. Kernan is ainm dom: Mac Thighearnáin (tighearna + -án)