Page:1917 Dubliners by James Joyce.djvu/206

This page has been proofread.

“Táim go mór faoi chomaoin agat, a sheanchomrádaí,” ar an t-othar.

Scuab Mr Power lámh tríd an aer.

“An bheirt eile a bhí i mo chuideachta -”

“Cé a bhí leat?” a d’fhiafraigh Mr Cunningham.

“Diúlach. Ní cuimhin liom a ainm. Damnú air mar scéal anois, céard is ainm dó? Diúlach beag fionn...”

“Agus cé eile?”

“Harford.”

“Há,” a dúirt Mr Cunningham.

D'fhanadh daoine ina dtost pé uair a déarfadh Mr Cunningham sin. Bhí a fhios acu go raibh foinsí rúnda eolais aige. Sa chás seo bhí éirim morálta leis an leathfhocal. Théadh Mr Harford in aoinfheacht le baicle bheag a d’fhágadh an chathair go gairid iar nóin a theacht ar theach óil ar bith ar bhruacha na cathrach ina nglacfaí leo mar fhíor-thaistealaithe. Ach níor scaoil a chomh-thaistealaithe a dhúchas tharstu riamh. Thosaigh sé amach sa tsaol mar airgeadaí a ligeadh suimeanna beaga airgid ar gaimbín d’oibrithe. Níos déanaí chuaigh i gcomhar le fear uasal beag an-ramhar, Mr Goldberg, sa Liffey Loan Bank. Cé nár chuaigh thar an teagasc eitice leis an chreideamh Giúdach riamh, dúirt a chomh-Chaitlicigh faoi, nuair a thoibhigh seisean airgead orthu féin ná ar chara nó ar ghaol leo, dúradar gur Ghiúdach Éireannach é agus