Page:1917 Dubliners by James Joyce.djvu/234

This page has been proofread.

úill deirg seargtha, agus a cuid gruaige, a bhí tarraingthe siar i dtrilseáin seanaimseartha mar a bhí gruaig a deirféar, níor chaill a dath donn lonrach.

Phógadar beirt Gabriel go ceanúil. Ba eisean a nia ceanáin, mac a deirféar móire nár mhair, Ellen, a phós T.J. Conroy le Port and Docks.

“Deir Greta liom nach dtógfaidh sibh carr ar ais go Baile na Manach anocht, Gabriel,” ar Aunt Kate.

“Ní thógfaimid,” ar Gabriel gur thug aghaidh cainte ar a bhean, “bhí ár leordhóthain de sin againn an bhliain seo caite, nach raibh? Nach gcuimhin leat, Aunt Kate, an dearg-shlaghdán a tholg Gretta dá bhuíochas. Fuinneoga an chairr ag preabadh is ag gliogarnach go deireadh an aistir, agus an ghaoth anoir ag séideadh isteach ó chuamar tharr Mhuirfinn i leith. An-aerach a bhí sé. Tholg Gretta slaghdán uafásach.”

Tháinig muc ar gach mala ag Aunt Kate agus chlaoin sí a ceann i ndiaidh gach focail.

“Is fíor duit, Gabriel, is fíor duit,” ar sí. “Ní mór faichill.”

“Ach le Gretta ansin,” a dúirt Gabriel, “siúlfadh sí abhaile faoin tsneachta dá ligtí dhi.

Rinne Mrs Conroy gáire.

“Ná tabhair aon aird air, Aunt Kate,” a dúirt sí. “Is mór an clipeadh é, idir spéaclaí frithdhallta glasa ar shúile Tom don oíche agus a chur ag caitheamh thromán lúith, agus cur iallach ithe leite ar Eva. An créatúirín! Agus is fuath léi í!... Ó, ach do bharúil cad a chuireas sé de dhualgas ormsa a chaitheamh orm anois!”

Rinne sí scairteadh gáire agus