Page:1917 Dubliners by James Joyce.djvu/24

This page has been proofread.

TEAGMHÁIL


BA É JOE DILLON a nocht domhan an Wild West dúinn. Bhí ábhar leabharlainne bige aige de sheanuimhreacha The Union Jack, Pluck agus The Halfpenny Marvel. Gach tráthnóna tar éis na scoile chasaimis lena chéile ina ghairdín cúil agus shocraímis cathanna Indians. Eisean agus a dheartháir óg ramhar, an falsóir, ghlacaidís seilbh ar lochta an stábla fad is a dhéanaimisne iarracht a ghabhála de ruaig uathu. É sin nó bhíodh cathanna cóirithe againn lena chéile ar an phlásóg. Théadh a mhuintir chuig aifreann a hocht a chlog gach maidin agus bhíodh boladh suaimhneasach Mrs Dillon i réimeas i halla an tí. Ach ba ró-fhíochmhar an chaoi a bhíodh sé ag súgradh, dar linne, a bhí níos óige agus níos scáfaire [ná é]. Bhí cuma Indigh de chineáil éigean air agus é ag ceáfráil timpeall an ghairdín, seanphúic tae ar a cheann, é ag bualadh druma lena dhorn agus a bhéiceadh:

“Ya! yaka, yaka, yaka!”

Baineadh stangadh as gach uile dhuine nuair a frítheadh scéala go raibh gairm aige le bheith ina shagart. Mar sin féin, b’fhíor é.

D’fhás meoin ansmachta inár measc agus, faoina tionchar siúd, dhéantaí neamhaird de difríochtaí cultúir agus láidreachta. Sheasaimis