Page:1917 Dubliners by James Joyce.djvu/246

This page has been proofread.

ar dhánta Browning di. Sin an dóigh a fhionnaigh an rún: ach thaitin an léirmheas go mór léi. Ansin dúirt gan choinne:

“Ó, Mr Conroy, an dtiocfair ar turas go hOileánrach na Gaillimhe linn an samhradh seo? Táimid ag dul a fhanacht ar feadh míosa iontu. Beidh sé go breá amuigh san [Aigéan] Atlantach. B’fhiú dhuit teacht. Beidh Mr Clancy ag teacht, agus Mr Kilkelly agus Kathleen Kearney.[1] B'aoibhinn do Gretta é freisin dá dtagadh sí. Is as Connachta dhi, nach ea?”

“A muintir is ea is as dóibh,” ar Gabriel go grod.

“Ach tiocfaidh tú, nach tiocfair?” ar Miss Ivors agus í ag leagan a láimhe gortha go díograiseach ar a láimhse.

“Is amhlaidh,” a dúirt Gabriel, “go bhfuil sé díreach leagtha amach agam dul go-”

“Dul cén áit?” a cheistigh Miss Ivors.

“Sea, go hiondúil téimid don Fhrainc nó don Bheilg nó b’fhéidir don Ghearmáin,” ar Gabriel go hanásta.

“Agus cad chuige a théir chun na Fraince agus na Beilge,” a dúirt Miss Ivors, “i leaba thabhairt cuairte ar do thír féin?”

Well, ar Gabriel, “cúis amháin is ea cleachtadh na dteangacha, agus cúis eile, athrú aeir.”

“Agus nach bhfuil do theanga féin le cleachtadh agat – an Ghaeilic?” a cheistigh Miss Ivors.

Well, ar Gabriel, “más mar sin an scéal, ní hé an Ghaeilicse mo theanga, bíodh a fhios agat.”

  1. Kathleen Kearney: an í seo pearsa céanna sa scéal ‘An Mháthair’ i. iníon na máthar ann?