“Dhamhsaíos, cinnte. Nár fhacas mé? Céard ab achrann leat le Molly Ivors?
“Achrann ar bith. Cén fáth. An ndúirt sí go raibh?”
“Rud éigin ar an chaoi sin. Táim ag tathant ar Mr D’Arcy gabháil fhoinn. Tá sé lán de féin, sílim.”
“Ní raibh achrann ann,” ar Gabriel go tógálach, “ach go raibh sí ag iarraidh orm dul ar turas go hiarthar na hÉireann agus dúras nach rachainn.”
D’fháisc a bhean a dhá lámh le chéile le háthas agus rinne léim beag ar an spota.
“Ó, téigh, Gabriel,” a d’impigh. “Ba bhreá liom an Gaillimh a bhlaiseadh arís.”
“Tig leatsa dul ann má thograír,” ar Gabriel go doicheallach.
D’fhéach sí air ar feadh ala, gur thug aghaidh cainte ar Mrs Malins agus dúirt:
“Sin fear céile maith dhuit, Mrs Malins.”
Agus í ag déanamh a bealaigh tríd an tslua ar ais trasna an tseomra, lean Mrs Malins uirthi, beag beann ar an chur isteach ar a caint, lean uirthi ag ríomh do Gabriel áilleacht na n-áiteanna in Albain agus áilleacht na tírdhreacha. Thug a cliamhain iad chun na lochanna a iascaireacht gach aon bhliain. Rug ar iasc mór breá lá amháin agus réitigh fear an óstáin é dá ndinnéar.
Is ar éigean féin a thug Gabriel a caint siúd faoi deara. Anois agus an suipéar anuas orthu chuaigh ar staidéar faoina óráid agus faoin athfhriotal inti. Ag feiceáil Freddy Malins ag teacht chuig a mháthair dó d’fhág Gabriel a chathaoir faoi réir dó agus d’éalaigh go clúid