Page:1917 Dubliners by James Joyce.djvu/267

This page has been proofread.

duine ar an dá thaobh dhi, duine ar dhuine, céard a dúirt Gabriel ach níor fhreagraíodar.

“Deir sé gur sinne an Triúr Suáilcí, a Aint Julia,” ar Mary Jane.

Níor thuig Aunt Julia ach thug aghaidh gháireach suas ar Gabriel a lean air sa stíl chéanna:

A dhaoine uaisle,

Ní thriallfad gabháil na páirte a ghabh Paris ar ócáid eile. Ní shílfead rogha a bhaint astu. Chothódh sin éad agus ba bheart thar mo chumais lochtaigh é. Mar nuair a dhearcaim orthu duine ar dhuine, pé dhíobh ár mbean tí féin, a bhfuil a croí maith, a croí ró-mhaith ina scéal béil acu siúd a bhfuil aithne uirthi, nó a deirfiúr, ar a bhfuil bua na hóige marthanaí uirthi de réir cosúlachta agus ab ábhar iontais dúinn go léir a hamhránaíocht anocht, nó, ar deireadh, agus cá mbeimis gan í, nuair a smaoiním ar ár mbanóstach is óige, atá tréitheach, suáilceach, díograiseach agus ar togha neachta í, caithfead admháil, a dhaoine uaisle, nach feadar cé dhíobh ba cheart dom bronnadh na duaise uirthi.”

Chaith Gabriel súil síos ar a hainteanna gur, iar bhfeiceáil dó aoibh mhór an gháire ar Aunt Julia agus súile fliucha Aunt Kate, dheifrigh chun clabhsúir. Ardaigh a ghloine pórtfhíona go taibhseach agus gach duine ag méirínteacht lena ghloine agus ag súil lena raibh le teacht, go ndúirt sé de ghuth ard:

“Ólaimis sláinte an triúir díobh. Go raibh sláinte, saibhreas agus saol fada acu, go raibh sonas