Page:1917 Dubliners by James Joyce.djvu/273

This page has been proofread.

in aghaidh a chéile. Maidir le Freddy Malins, d’imigh an chaint air ag gáire. Shac a cheann amach an fhuinneog agus tharraing isteach é gach ré nóiméad, a hata i mbaol a thite aige, a insint dá mháthair éirim na cainte, gur bhéic Mr Browne sa deireadh ar an tiománaí bocht os cionn ghleo an gháire ar fad:

“An bhfuil ‘fhios agat cá bhfuil Coláiste na Tríonóide?”

“Tá, sir,” ar an tiománaí.

“Mar sin, stop díreach os comhair gheataí Choláiste na Tríonóide,” agus inseoimid duit ansin cá rachair. Tuigir anois?

“Tuigim, sir,” ar an tiománaí.

“Tarraing caol díreach ar Choláiste na Tríonóide.”

“Tá go maith, a dhuine uasail,” ar an tiománaí.

Gabhadh den fhuip ar an an each dá chur ar siúl gur imigh an carr de chleatráil síos an ché agus gach aon gháire agus cheiliúradh dá chéile ón chomhluadar.

Níor chuaigh Gabriel chuig an doras leo. Bhí sé ina sheasamh in áit dhorcha den halla ag stánadh aníos an staighre. Bhí bean ina seasamh gar de bharr an chéad-reatha staighre. Faoi scáth a bhí sise freisin. Ní fheiceann sé a haghaidh ach feiceann na paistí terracotta agus bándearg-an-bhradáin dá gúna a gcuireas an dorchadas cuma dhubh agus bhán orthu. A bhean chéile. Bhí ag ligean a meáchain ar na ráillí, bhí ag éisteacht le rud éigin. Ba ionadh le Gabriel nach raibh cor aisti agus cuireann sé cluas le héisteacht air féin freisin. Ach is beag a chloiseas, cé is moite d’fhuaim an gháire agus na cainte ar chéimeanna an dorais sráide, corr-nóta pianó agus giotaí de ghuth fir atá ag gabháil fhoinn.