anois, tar éis spreagadh an oiread seo cuimhní, tar éis an chéad-tadhaill lena corp, a bhí ceolmhar agus aduain agus cumhra, chuireadar cíocras colainne tríd . Faoi fhallaing a ciúnais, glacann sé chuige a lámh lena thaobh; agus, ag seasamh i ndoras an óstáin dóibh, chonaictheas dó gur éilíodar óna saol agus óna ndualgais, gur éalaíodar ón bhaile agaibh agus ó chairde agus gur theitheadar lena chéile go heachtra úrnua de chroíthe fiáine ghealgháireacha.
Bhí seanfhear ag suanaíocht i gcochall-chathaoir mór sa halla. Las sé coinneal san oifig agus chuaigh rompu suas an staighre. Leanadar é faoi thost agus cairpéad thiubh an staighre ag plúchadh torann na gcos. Téann sise suas staighre taobh thiar den doirseoir, a ceann fúithi, cromadh ina guaillí caola mar a bheadh sí faoi ualach, agus a gúna fáiscthe go teann uimpi. Ba í a chloch nirt gan caitheamh a lámh um na cromáin léi dá coinneáil, óir bhí creathadh ina lámha le teann dúile agus ba é brú a ingne ar a bhosa amháin a choinnigh guaim ar thaghd fiáin a choirp. D’fhos an doirseoir ar an staighre a shocrú lasair chorrach a choinnle. D’fhosadar siúd ar na céimeanna laistíos de. Sa chiúnas chuala Gaibriél sileadh na céarach meilte sa tráidire agus tuargain a chroí ina chliabh.
Stiúr an doirseoir iad síos dorchla agus d’oscail doras. Ansin leag a choinneal shilteach anuas ar bhord mhaisiúcháin agus d’iarr orthu cén t-am ar mhaith leo fáil glaoch maidine.
“Ag a hocht,” a deir Gabriel.