Page:1917 Dubliners by James Joyce.djvu/283

This page has been proofread.

Téann sí don fhuinneog agus seasann roimpi ag dearcadh amach. D’fhan Gabriél ina thost arís agus ansin, le faitíos go bhfaigheadh éadánacht an ceann is fearr air, deir sé go tobann:

“Dála an scéal, Gretta!”

“Céard?”

“An bhfuil aithne agat ar an dhiúlach bocht sin, Malins?” ar sé go tobann.

“Tá. Céard faoi?”

“An créatúr, is amhlaidh gur duine cneasta é sa deireadh thiar thall,” a leanann Gabriél de ghuth nach leis é, shílfeá. “Thug sé ar ais dom an sabhran sin a thugas iasacht dó, agus ní raibh súil agam leis, i ndáiríre. Faraor nach bhfanann glan den Browne sin, óir níl aon dochar ann, i ndáiríre.”

Bhí sé ar crith le fearg anois. Cad chuige go raibh sí chomh haduain? Ní fios dó conas tosú. An raibh sise i bhfeirg, freisin, faoi cheo éigin? Ach a dtugadh sí aghaidh air nó a dtiocadh chuige dá deoin féin! Ba bhrúidiúil breith uirthi do bhualadh craicinn léi mar a bhí sí. Arú, chaithfeadh sé feiceáil léas éigin foinn ina súil. Ba bhreá leis bheith ina mháistir ar a giúmar ait.

“Cathain ar thugais iasacht puint dó?” a fhiafraíonn sí, tar éis nóiméid.

Staon Gabriél ar éigin ar spalpadh amach friotail fíochmhar faoin Malins meisciúil agus a phunt. Is é a theastaigh go géar uaidh, scairt uirthi óna anam, brú a coirp siúd i gcoinne a choirp-se, dul i gceannas uirthi. Ach is é a deir sé:

“Ó, faoi Nollaig, nuair a d’oscail sé an siopa beag cártaí Nollag ar Shráid Anraí.”