Page:1917 Dubliners by James Joyce.djvu/285

This page has been proofread.

“Ó, táim ag smaoineamh faoin amhrán sin, The Lass of Aughrim.”

Briseann uaidh do rith chun na leapan agus caitheann a lámha thar ráillí na leapan a cheilt a haghaidhe. Bhí Gabriél ina staic iontais ar feadh nóiméid, gur lean í ansin. Ag dul thar an scáthán mór luascach dó faigheann spléachadh ar a scáil féin ó bhun go barr: ar a chorp leathan agus a bholg ag teannadh a léine, ar a dhreach nár thuig sé riamh nuair a d’fheiceadh sé í i scáthán, agus ar a spéaclaí drithleacha gona bhfonsaí óir. Seasann cúpla coiscéim uaithi go ndeir:

“Céard faoin amhrán? Cén fáth an mbaineann sin gol díot?”

Ardaíonn sí a ceann os cionn a lámh a thriomú a súl le droim a láimhe mar a dhéanfadh páiste. Labhraíonn seisean de ghlór níos caoimhe ná ba mhian leis:

“Cén fáth, Gretta?” a fhiafraíos sé.

“Táim ag smaoineamh ar dhuine san aimsir chian a ghabhadh an t-amhrán sin.”

“Agus cérbh é an duine seo san aimsir chian?” a fhiafraíos Gabriel agus meangadh gáire air.

“Ba dhuine é a mbíodh aithne agam air i nGaillimh nuair a bhíos in aontíos le mo mháthair mhór,” a deir sí.

D’imigh an gáire ó dhreich Gabriél. Tosaíonn fearg phlúchta ag aibiú i gcúl a chinn agus deargann meath-thinte na drúise ina fhéitheacha.

“Duine a bhís i ngrá leis?” a cheistigh sé go híorónta.