Page:1917 Dubliners by James Joyce.djvu/290

This page has been proofread.

leathuillinn leis, d’amharc Gabriél gan fhaltanas ar feadh cúpla nóiméad ar a gruaig stothallach agus ar a béal faon-oscailte agus d’éist lena hanálú domhain. Do bhí an rómáns sin ina saol aici más ea: a thug fear a bhás féin i ngeall léi. Níor chuir sé isteach air mórán anois smaoineamh ar bhige na páirte a bhí aige féin, a fear céile, ina saol. Bhreathnaigh sé uirthi agus í ina codladh faoi mar nár chaitheadar saol le chéile mar fhiur chéile agus mar mhnaoi chéile riamh. Lonnaigh a shúile achar fada ar a haghaidh agus ar a gruaig: agus, ag samhlú dhó mar a bheadh sí ag an am sin, in aimsir a céad áilleacht gearrchaile, tháinig trua ait, chairdiúil ina anam. Níor mhaith leis maíomh go fiú amháin dó féin nach raibh aghaidh sciamhach aici níos mó ach bhí a fhios aige nach í a haghaidh aici anois an aghaidh ar thug Michael Furey dúshlán a bháis ar a son.

B’fhéidir nár inis sí iomlán an scéil dó. Lonnaigh a shúile ar an chathaoir ar chaith sí roinnt dá cuid éadaigh uirthi. Bhí a peireacót ar sliobarna go hurlár. Sheas bútaise amháin agus a uachtar sleabhctha síos: bhí a leathchúpla ina luí lena thaobh. B’ábhar iontais dó anois an chíréib mothúchán air leathuair an chlog roimhe. Cad as a d’eascraíodar? As suipéir a ainteanna, as a aitheasc leibideach féin, as an fhíon agus an damhsa, as an phléaráca ag ceiliúradh dá ainteanna sa halla dhó, as sámhnas na siúlóide síos an abhainn faoin tsneachta. Aunt Julia bhocht! Sise freisin, go luath bheadh sí ina taise, ina scáth mar aon le scáth Patrick Morkan agus a each. Do chonaic sé an chuma chaite ina haghaidh agus í ag gabháil Arrayed for the Bridal. Go luath, b’fhéidir, bheadh sé ina shuí sa tseomra chaidrimh chéanna, éadaí dubha air, a hata síoda ar a ghlúine. Bheadh na dallóga tarraingthe síos agus bheadh Aunt Kate suite taobh leis agus í ag gol agus ag sraothartach ina naipcín póca agus ag insint dó cén dóigh a fuair sí a bás. Shiortódh seisean a cheann ar thóir chúpla focal