Page:1917 Dubliners by James Joyce.djvu/30

This page has been proofread.

mar bhí nóisean doiléir éigean agam... Ba ghorma agus liatha iad súile na mairnéalach, agus súile dubha go fiú amháin. An t-aon mhairnéalach a d'fhéadfaí rá faoi gur dhuine le súile glasa é, ba fhear ard a bhain gáire as an tslua ar an chéibh as rá, gach uair dar thit ceann de na plancaibh:

All right! All right!

Nuair a d'éiríomar bréan den fheic seo, chuamar ag fálróid go mall isteach sa Rinn. Bhí brothall tagtha ar an lá, agus i bhfuinneogaí na siopaí bhí brioscaí stálaithe ina luí á mbánú ag an ghréin. Cheannaíomar roinnt brioscaí agus seacláidí agus d'itheamar go cáiréiseach iad fad is a bhíomar ag fánaíocht trí shráideanna brocacha ina raibh clanna na n-iascairí ina gcónaí. Níor thángamar ar dhéirí in áit ar bith agus chuamar isteach i siopa mangarae dá dheasca, a cheannach bhuidéal líomanáide an duine. Athbheoite aige sin, chuaigh Mahoney síos lána sa tóir ar chat, ach thug an cat na cosa leis isteach i bpáirc leathan. D’airigh an bheirt dínn tuirseach go leor faoin am a shroicheamar an pháirc agus rinneamar caol díreach ar iomaire ag a bhruach a thug radhairc ar An Dothra thar a dhroim.

Bhí sé ródhéanach agus bhíomar róthuirseach chun ár scéime cuairt a thabhairt ar an Pigeon House a chur i gcrích. Níor mhór dúinn a bheith abhaile roimh a ceathair a chlog ar eagla go bhfaightí amach faoinár n-eachtra. D’amhairc Mahoney go haiféalach ar a chatapult agus bhí orm dul abhaile ar an traein a mholadh dhó sula dtagadh aon bhlas dá mhisneach ar ais. D’imigh an ghrian i measc na scamall agus d’fhág lenár gcuid smaointe maolaithe agus le grabhróga ár lóin sinn.

Ní raibh duine ná deoraí eile sa pháirc ach amháin sinn féin. Tar éis dúinn tamaill fada inár luí ar an bhruach