Page:1917 Dubliners by James Joyce.djvu/35

This page has been proofread.

Bhí iontas orm faoin tuairim agus thugas spléachadh suas ar a dhreach de m‘ainneoin féin. Is éard a bhí romham, dhá shúil glasa ag gliúcaíocht orm faoi éadan bíogach. D’iompaíos mo shúile uaidh arís.

Lean an fear ar aghaidh lena spéic. Ba chosúil go raibh dearmad déanta aige ar an liobrálachas a bhí aige go nuige sin. Dúirt sé dá bhfeiceadh sé buachaill ag caint le cailíní riamh nó a mbeadh cailín aige mar mhuirnín, go lascfadh sé arís agus arís eile é agus go dtabharfadh sin ceacht dó gan labhairt le cailíní. Agus dá mbeadh cailín mar mhuirnín ag buachaill agus dá ndeireadh sé bréaga faoin scéal, go dtabharfadh sé a leithéid de lascadh dhó is nach bhfuair buachaill riamh sa domhan seo. Dúirt sé nach raibh rud ar bith arbh fhearr leis ná sin. Mhínigh dhom an chaoi a lascfadh sé buachaill dá leithéid mar a bheadh ag nochtadh rúin diamhair. Ba bhreá leis é sin, a dúirt sé, thar aon ní eile ón talamh aníos. D’éirigh a ghuth ionann is muirnéiseach agus é do mo threorú go liosta tríd an mhistéir seo, faoi mar a bheadh a ghuth ag impí orm go dtuigfinn a chás. D’fhanas ag feitheamh le sos sa mhonalóg. Ansin sheasas aníos go tobann. Rinneas moill ar feadh mheandair ar fhatíos go sceithfinn a shuaite is a bhíos, ag ligean orm féin go rabhas ag ceangal mo bhróige agus ansin d’fhágas slán aige, ag rá go mb’éigean dom imeacht. Chuas suas an fhána go deas réidh ach bhí mo chroí ag preabadh go mear le scéin go mbéaradh sé ar na rúitíní orm. Nuair a shroicheas barr na fána, chasas timpeall agus, gan amharc air, ghlaos ós ard trasna na páirce: