Page:1917 Dubliners by James Joyce.djvu/48

This page has been proofread.

“Déan deifir, Miss Hill, le do thoil.”

Ní shilfeadh sí mórán deor faoina himeacht ón Ionad Siopadóireachta. In a baile nua áfach, i dtír anaithnid i bhfad i gcéin, ní mar sin a bheadh an scéal. Bheadh sí pósta ansin – ise, Eveline. Chaithfidís daoine go measúil uirthi ansin. Ní chaithfí léi mar a caitheadh lena máthair. Fiú amháin anois, in ainneoin go raibh sí os cionn naoi mbliana déag d’aois, bhí sé á thuar di go raibh sí i mbaol foréigin a hathar ar uairibh. Bhí a fhios aici gurbh é sin ba chionsiocair leis an phreabadh croí a thagadh uirthi. Nuair a bhíodar ag fás aníos níor thug sé fúithi riamh, faoi mar a thugadh sé faoi Harry agus faoi Ernest, de bhrí gur chailín í, ach ar na mallaibh thosaigh sé ag bagairt uirthi céard a dhéanfadh sé uirthi murach cuimhne a máthar a bhí marbh. Agus anois ní raibh aon duine aici chun a cosanta. Bhí Ernest básaithe agus maidir le Harry, a bhí gnó aige le maisiú séipéal, bhí sé amuigh faoin tír beagnach i gcónaí. Ar aon nós, bhí sí ag éirí tinn tuirseach cortha den achrann seasmhach faoi airgead gach oíche Dé Sathairn. Thugadh sí a tuarastal ar fad i gcónaí – seacht scilling – agus sheoladh Harry a mhéad agus a thagadh leis chuici, ach ba í an fhadhb, airgead a fháil óna hathair. Deireadh sé go raibh sí ag diomailt an airgid, nach raibh ciall aici, nach raibh seisean ag dul a thabhairt a chuid airgid di a shaothraigh sé le dua chun go gcaithfeadh sise thart ar na sráideanna é, agus deireadh sé go leor eile lena ais, mar bhíodh sé sách dona san oíche ar an tSatharn go hiondúil. Thugadh sé an t-airgead di sa deireadh agus d'fhiafraíodh di an raibh rún dá laghad aici dinnéar an Domhnaigh a cheannach. Ansin b’éigean di dul amach