Page:1917 Dubliners by James Joyce.djvu/49

This page has been proofread.

a cheannach earraí dá post chomh géar gasta agus a thagadh léi, greim daingean aici ar a mála ina láimh aici agus í ag brú tríd na sluaite. D'fhilleadh sí go deireanach san oíche faoi uallach a stórtha. Ba é a sáith é eagar a choinneáil ar an tigh agus cinntiú go dtéadh an bheirt páistí beaga a fágadh faoina cúraim, go dtéidís chuig an scoil go rialta agus go bhfaighidís a mbéilí go rialta. Ba obair chrua í, ba shaol crua é, ach anois ó bhí sí ar tí scartha leis, níor dhealraigh sé go dona ar fad mar shaol.

Bhí sí ar tí saol eile a bhlaiseadh le Frank. Bhí Frank thar a bheith cineálta, fearúil agus mórchroíoch. Bhí sí le himeacht leis ar bhád na hoíche mar bhean chéile aige chun a saoil a chaitheamh in éindí leis in Buenos Aires, áit a raibh baile faoi réir aige dhi. Bhí chuimhne mhaith aici ar an chéad uair a chonaic sí é; bhí sé ar lóistín i tigh a dtugadh sí cuairt air ar an phríomhbhóthair. Shílfeá go mba cúpla seachtain ó shin a bhí i gceist. Bhí seisean ina sheasamh ag an gheata, a chaipín speiceach tarraingthe siar ar a cheann aige agus a chuid gruaige ag titim in aimhréidh ar aghaidh a raibh dath na gréine uirthi. Ansin chuadar in aitheantas ar a chéile. Bhuaileadh sé léi lasmuigh den Ionad Siopadóireachta gach tráthnóna agus thionlacadh abhaile í. Thug sé leis í a fhéachaint ar The Bohemian Girl[1] agus bhí ríméad uirthi nuair a shuí sí in aice leis in áit san amharclann nach raibh sí riamh inti roimhe sin. Bhí dúil mhillteanach sa cheol aige agus ghabhadh sé fonn scaití. Bhí a fhios ag daoine go rabhadar ag siúil amach lena chéile agus nuair a chanadh sé faoin ainnir atá i ngrá le mairnéalach, ní thuigeadh sí é ach bhíodh gliondar uirthi. Chuir sé an leasainm Poppins uirthi as spraoi. Ar dtús ba ábhar sceitimíní dhi

  1. Ceoldráma éadrom leis an chumadóir Éireannach, Michael Balfe (1808-70). Bean uasal a bhfuadaíos an luch siúl í is príomhphearsa ann.