Page:1917 Dubliners by James Joyce.djvu/65

This page has been proofread.

Luascadh a chorp téagartha, chuir sé a chara ag caitheamh foléimeanna ar an bhóthar agus ar ais arís ar an chosán. Ba mhac le bleachtaire an Gharda Síochána é Corley agus thug sé leis cabhail agus siúl a athar. Shiúladh sé lena lámha ar a dhá thaobh agus a cheann in airde agus an ceann céanna ag luascadh anonn is anall. Bhí ceann mór cruinneogach agus olúil aige; soineann agus doineann, chuireadh sé allas; agus a hata mór ciorclach, a bhí curtha ar leathstuaic air, bhí sé cosúil le bleib phlanda a d’fhás as bleib eile. Stánadh sé díreach amach roimhe mar a bheadh sé ar paráid, agus nuair ba mhian leis breathnú siar ar dhuine sa tsráid, níor mhór dó a chabhail a chasadh timpeall óna chorróga aníos. Faoi láthair, bhí sé díomhaoin. Am ar bith a bhí post le líonadh bhí cara sa chúirt anseo nó ansiúd aige. Is minic a chonacthas é le Garda Síochána i ngnáthéadaí agus iad i mbun cainte dáiríre. Bhí an taobh istigh de chúrsaí gnó ar eolas aige agus bhí sé de nós aige tabhairt an bhreithiúnas deiridh ar scéal ar bith. Labhair sé lena chomrádaithe gan éisteacht leosan. Nuair a ríomhadh sé na comhráití seo, d’análaíodh an chéad litir dá ainm féin ar nós mhuintir Florence.[1]

Thairg Lenehan toitín dá chara. Agus an bheirt fhear ag siúl ar aghaidh tríd an slua, chas Corley timpeall ar uairibh chun dhéanamh aoibh gháire le roinnt de na cailíní a chuaigh thar a mbráid, ach bhí súile Lenehan greamaithe ar

  1. Fuaimnítear ‘c’ mar a bheadh ‘h’ ann in Florence. D’fhuaimnigh Corley a ainm mar ‘horley’.