Page:1917 Dubliners by James Joyce.djvu/74

This page has been proofread.

dinnéir ceart le suí síos chuige aige. Bhí a sháith aige de bheith ag siúl na sráideanna le cairde is le cailíní. Thuig sé luach na gcairde seo: bhí aithne aige ar na cailíní freisin. Dhóigh a thaithí ar an tsaol a chroí ann. Ní raibh deireadh dóchais bainte dhe áfach. D’airigh sé níos fearr tar éis an ghreim bia ná mar a d’airigh roimhe, ní raibh sé chomh tuirseach den tsaol, ní raibh a mheanma chomh cloíte. B’fhéidir go n-éiríodh leis fós socrú síos i gcúinne cluthar a mhaireachtáil go sona dá dtagadh sé ar chailín deas saonta a mbeadh beagán maoine aice.

Thug sé dhá phingin is leathphingin don tsraoill cailín agus d’fhág an siopa a thosú ar a fhánaíocht arís. D’iompaigh isteach ar Shráid Chéipil agus shiúl i leith Halla na Cathrach. Ansin chas isteach ar Shráid an Dáma. Ag coirnéal Shráid Sheoirse bhuail sé le beirt charad leis agus stop chun labhartha leo. Bhí sé bhuíoch den tsos ón tsíor-shráideoireacht. D’fhiafraígh a chairde dhe ar fhaca sé Corley agus cérbh í an nuacht ba dhéanaí leis. Is beag cainte a rinne a chairde. D'amharcadar le neamhshuim ar roinnt daoine sa tslua a chuaigh tharstu agus chaitheadar corrfhocal cáinteach. Dúirt duine amháin den bheirt gur fhaca sé Mac ar Shráid Westmoreland uair an chloig níos luaithe. Leis sin, dúirt Lenehan go raibh sé in éineacht le Mac an oíche cheana i dtigh Egan. D’fhiafraigh an fear a chonaic Mac ar Shráid Westmoreland arbh fhíor é gur bhuaigh sé roinnt airgid ar chluiche billéardaí. Ní raibh a fhios ag Lenehan: dúirt gur cheannaigh Holohan deochanna dhóibh i dtigh Egan.