Page:1917 Dubliners by James Joyce.djvu/98

This page has been proofread.

chur sé a smaointe i bhfocail leis. Bhí rud éigean graosta i mianach a chara nár thug sé faoi deara roimhe sin. Ach b’fhéidir nach raibh sa mhéad sin ach an toradh ar a chur faoi i Londain i measc fhuadar agus choimhlint na Nuachtán. Bhí an sean-charisma fós ann taobh thiar de na dóigheanna spiagaí seo aige. Agus, ar a shon sin is uile, ba eachtrúil a shaol, chuir sé eolas mór ar an domhan. D’amhairc Little Chandler go héadmhar ar a chara.

“Tá gach ní sa Pháras aerach,” ar Ignatius Gallaher. “Creidid gur ceart sult a bhaint as an tsaol – agus measair nach bhfuil an ceart acu? Más mian leat baint aoibhnis cirt as an tsaol, téigh go Páras. Agus, rud eile dhe, tá an-chion acu ar na hÉireannaigh ann. Nuair a chualadar gur Éireannach mé, thiteadar i grá liom, a bhuachaill.”

Bhain Little Chandler ceithre nó chúig súimín as a ghloine.

“Inis dom,” ar sé, “an fíor é go bhfuil an Páras chomh... mímhorálta is a deirtear?”

Chorraigh Ignatius Gallaher a lámh i gcomhartha Caitliceach.[1]

“Tá gach aon áit mímhorálta,” ar sé. “Ar ndóigh, is fíor é go dtagtar ar stumpaí breátha macnasacha sa Pháras. Téigh chuig ceann de bháil na mac léinn, mar shampla. Bíonn sé sin bríomhar, más mian leat, nuair a scaoilid na cocottes faoi. Tá a fhios agat céard iad siúd, is dóigh?”

“Chualas trácht orthu,” ar Little Chandler.

Chaith Ignatius Gallaher siar deireadh a fhuisce agus chroith a cheann.

“Á,” ar sé, “abair do rogha rud faoi.

  1. Is é is dócha a bhfuil i gceist ag Joyce, gur ghearr sé fíor na croise.