Page:Aesop a tháinig go h-Éirinn, Cnuasach a II.djvu/16

This page has not been proofread.

12

40luiċe bige sin é! Aililiú! Is maiṫ an ḃail orm indiu, áṁṫaċ, nár ṁarḃuiġeas í an lá úd a ḋúisiġ sí as mo ċodlaḋ mé. Agus feuċ mar a ḋ’ḟéad fiacal luiċíne bige rud a ḋéanaṁ nár ḟéad neart leóṁain a ḋéanaṁ!”

45An Múineaḋ.

“Ar sgáṫ a ċéile a ṁairid na ḋaoine,”

Lag agus láidir, uasal a’s íseal.

Ná dein neaṁníḋ de ċaradas aon duine, bíoḋ an duine lag nó láidir. An t-é is lúġa neart, 50ní ḟeadaraís ná gur b’é is mó ḟóirfeaḋ ort i n-am do ġátair.

“Tar a éis a tuigtear gaċ beart.”


7.—AN FEAR FEASA.

Ḃí an fear feasa i lár an aonaiġ, agus an fios a d’iarraḋ gaċ aoinne air ṫugaḋ sé ḋó é aċ díol as. Ḃí na daoine bailiġṫe ’n-a ṫímpal agus é ag taḃairt gaċ aon tsaġas eóluis dóiḃ, agus 5ag fáġail an airgid go tiuġ. Do riṫ fear isteaċ ’n-a measg.

“A ḟir an ḟeasa,” ar feisean, “tá do ṫiġ tré ṫeine!”

Do riṫ an ḟear feasa fé ḋéin a ṫíġe. Do laḃair 10duine de’n ṁuintir a ḃí ag fáġail an ḟeasa uaiḋ agus ag ḋíol as.