Page:Aesop a tháinig go h-Éirinn, Cnuasach a II.djvu/18

This page has not been proofread.

14

an gcaṫair nuaḋ, dar leis. Ṫáinig sé ċun an ḃáite agus do rugaḋ air sa líon. Is aṁlaiḋ 10a ḃí an sealgaire i ḃfolaċ. Do riṫ sé ċun na h-áite ’n-a raiḃ beirṫe ar an éan sa líon.

“Á!” arsa ’n lon, “má’s é seo saġas caṫaraċ a ċeapann tú a ḋéanaṁ ní ṫiocfaiḋ puinn daoine ċun cóṁnuiġṫe ad’ ċaṫair ċugat.”

15An Múineaḋ.

An ríġ a ḋéanfaiḋ an feall beiḋ a ċaṫair gan daoine aige lá éigin.

Is féidir bob a ḃualaḋ ar an bpoibiliḋeaċt uair nó ḋó, aċ má leanann an duine ’gasta ar 20ḃeiṫ ’ġá mbualaḋ ar gaċ aoinne ní fada go seaċantar é. Fanaid na daoine uaiḋ. Fágtar i n-a aonar é. Bíonn a ċaṫair gan daoine aige. Ní ċreideann aoinne focal uaiḋ. Bíonn saoġal uaigneaċ aige. Ansan cad é an tairḃe ḋó an 25ġastaċt go léir?


9.—AN GAḂAR DROĊ-ṀIOTALAĊ.

Ḃí gaḋar ann agus ḃí sé ana ḋroċ-ṁiotalaċ. Ní ḟéadaḋ aon ċóṁarsa teaċt ċun an tíġe leis, ṫagaḋ a leiṫéid de ċoċall air ċuca, agus é i sioċt iad do stracaḋ as a ċéile dá ḃfaġaḋ sé greim 5orṫa. Ḃ’éigean d'ḟear an tíġe bloc maiṫ mór