Page:Aesop a tháinig go h-Éirinn, Cnuasach a II.djvu/19

This page has not been proofread.

15

aḋmaid do ċeangal fé n-a ḃráġaid, ar a ṁuineál, mar ċosg air. Nuair a fuair sé an rud breaġ mór ceangailte mar sin, suas fé n-a ḃráġaid, is aṁlaiḋ a ċeap sé gur mar ċóṁarṫa uaisleaċta agus onóra do cuireaḋ air é. Ṫáinig árd ṁeas10 aige air féin láiṫreaċ, agus is ar éigin ḟeuċfaḋ sé i n-aon ċor ar aon ġaḋar eile, ḃí sé ċóṁ mór san os a gcionn, dar leis. Ċonnaic an ċuid eile an mór-is-fiú go léir, agus ḃí ana spórt acu air. Ḃí ḟios acu go maiṫ cad ċuige an bloc.15 Fé ḋeire do laḃair seana ġaḋar ciallṁar a ḃí ann le madra an ḃluic.

“Feuċ,” ar seisean. “ná bí ag magaḋ fút féin. Ní deaġ-ċlú a ṫugann an bloc san duic, aċ droċ-ainim. I n-ionad an ṁór-is-fiú, is20 aṁlaiḋ ba ċeart duit náire ḃeiṫ oft. Tá a ḃfuil ḋe ġaḋaraiḃ sa ċóṁarsanaċt ag scealla-ṁagaḋ fút!”

“Tuigim iad go maiṫ,” arsa gaḋar an ḃluic, “agus tuigim ṫusa. Éad, lán ḃúr gcinn d’éad,25 atá ar gaċ gaḋar agaiḃ nuair ná fuil bloc mar é seo fé n-a ḃráġaid féin aige.”

An Múineaḋ.

“Is mór an truaġ an t-é ná h-aiṫniġeann an fear ṫall ag magaḋ féi; aċ ní’l aon truaġ ar30 an dtalaṁ so is mó ’ná an t-é ná h-aiṫniġeann é féin ag magaḋ féi féin.”

Tá a lán daoine sa tsaoġal agus tá dálṫa