Page:Aesop a tháinig go h-Éirinn, Cnuasach a II.djvu/20

This page has not been proofread.

16

an ġaḋair úd an ḃluic orṫa, go cruinn díreaċ. 35An rud is náire ḋóiḃ, is dóiċ leó gur onóir dóiḃ é; agus an rud do b’ onóir dóiḃ, is dóiċ leó gur náire ġeóḃaidís d’á ḃárr. Agus, donas an sgéil ar fad, ní h-aon ṁaiṫ cóṁairle a leasa ṫaḃairt dóiḃ!

40Is truaġ ná feuċaimíd orainn féin amaċ a’ súil duine eile!

“An t-é ná múineann Dia ní ṁúinid daoine é.”


10.—MERCURÍ AGUS AN SIÚINÉIR.

Ḃí siúinéir ag teaċt ṫar an aḃainn i mbád. Do ṫuit a ṫuaġ isteaċ sa n-aḃainn uaiḋ. Ḃí sé creaċta mura ḃféadfaḋ sé an tuaġ ḋ’ḟáġail ṫar n-ais as an aḃainn. Do liúiġ sé ar Ṁercurí 5an tuaġ ṫaḃairt ċuige aníos as an aḃainn Ṫáinig truaġ ag Mercurí ḋó. Ṫáinig sé ċuige sa ḃád.

“Cár ṫuit an tuaġ uait, a ḟir ḃoiċt?” ar seisean.

Ṫaisḃeáin sé an áit dó. Ċuaiḋ Mercurí síos 10sa n-uisge ar ṁullaċ a ċinn agus ṫug sé leis aníos tuaġ. Tuaġ óir ab eaḋ í.

“An í sin do ṫuaġ?” ar seisean.

“Ó, ní h-í,” arsa ’n fear boċt. “Tuaġ óir is eaḋ í sin.”

15Ċuaiḋ Mercurí síos arís agus ṫug sé leis aníos tuaġ eile, tuaġ airgid.