Page:Aesop a tháinig go h-Éirinn, Cnuasach a II.djvu/22

This page has not been proofread.

18

“A ḃiṫeaṁnaiġ gan ċiall!” ar seisean, “an aṁlaiḋ is dóiċ leat ná feicim an rud atá istiġ id’ ċroíḋe?” Agus ḋ'imṫiġ sé as a raḋairc 50láiṫreaċ.

Ċuaiḋ an siúinéir sin aḃaile gan a ṫuaġ féin ná aon tuaġ eile aige.

An Múineaḋ.

Is mairg ná béaḋ sásta le n-a ċuid féin.

55“Ná leig do ṡúíl ṫar do ċuid.”

“Is buaine an t-únán ’ná an t-anaiṫre.” ’S é sin le ráḋ, is buaine únán na macántaċta ’ná anaiṫre na gadaiḋeaċta. Ní leanann an t-an- aiṫre aċ an ḟaid a leanann an ḟeóil. Leanann 60an t-únán an ḟaid a ṁaireann an ḃó.

Ná cas le bob a ḃualaḋ ar an Súil atá ag feuċaint ar an rud atá istiġ id’ ċroíḋe.


11.—AN FROG AGUS AN ḂÓ.

Ag gaḃáil tré ḃearnain ḟliuċ di do ċuir an ḃó a cos ar áit ’n-a raiḃ frogana óga, agus ṡatail sí ar ċeann acu agus ṁairḃ sí é. Ṫáinig máṫair na ḃfrogana óga aḃaile.

5“Cad a ṁairḃ ḃúr ndearḃráṫair?” ar sise leis an gcuid eile acu.

“Ó, a ṁam,” ar siad, “an t-amṁiḋe ba ṁó ḋ’á