Page:Aesop a tháinig go h-Éirinn, Cnuasach a II.djvu/23

This page has not been proofread.

19

ḃfeacamar riaṁ táinig sé agus ċuir sé a ċos ar ár ndearḃráṫair agus ṁairḃ sé é.”

“An raiḃ sé ċóṁ mór so?” ar sise, ’ġá10 líonaḋ féin le gaoiṫ agus ’ġá h-at féin suas.

“Aċ!” ar siad, “ba ṁó go mór é ’ná san.”

“An raib sé ċóṁ mór so?” ar sise, agus do ṡúiġ sí tuilleaḋ gaoiṫe isteaċ.

“Aċ, a ṁam,” ar siad, “dá mbeiḋfeá ag15 súġaḋ gaoiṫe isteaċ go deó ní ḃeiḋfeá ċóṁ mór leis siúd!”

“An raiḃ sé ċóṁ mór so?” ar sise, agus do ṡúiġ sí tuilleaḋ gaoiṫe isteaċ. Ṡúiġ sí an iomad de’n ġaoiṫ isteaċ an uair sin, agus do sgoilt20 uirṫi, agus ṫuit an t-anam aiste.

An Múineaḋ.

Ná bí-se suas a’s anuas le daoine atá níos mó agus níos saiḋḃre ’ná ṫú féin, nó sgoilṫfiḋ ort. Ní’l an gustal agat ċuige agus is aṁlaiḋ a beiḋ-25 fear ag magaḋ fúṫ. Déarfar gur ag riṫ i ndiaiġ na h-uaisleaċta a ḃeir. Déanfair éag- cóir ort féin. Brisfear ṫú. Sgoilṫfiḋ ort. Ansan ní ḃeiḋ truaġ ṫíos ná ṫuas duit.