Page:Aesop a tháinig go h-Éirinn, Cnuasach a II.djvu/24

This page has not been proofread.

20

12.—AN GAḂAR NEAMBUIḊEAĊ.

Ċuaiḋ gaḃar, agus é ag teiṫeaḋ ó-s na fiaḋaiḋ- ṫiḃ, isteaċ i ḃfíonġort. Do luiġ sé ar sgáṫ an duilleaḃair agus ḃí sé i ḃpolaċ ó-s na fiaḋaiḋ- ṫiḃ. Ċóṁ luaṫ agus ċeap sé go raiḃ na fiaḋaiḋṫe 5iṁṫiġṫe ċrom sé ar an nduilleaḃar a ḋ’iṫe. Do tugaḋ fé ndeara na géaga aġ corruiġe. Ṫáinig na fiaḋaiḋṫe ċun na h-áite. Fuaradar an gaḃar agus do ṁarḃuiġeadar é. Sap ar imṫig an t-anam as dúḃairṫ sé an focal:—

10“Ni’l fáġalta aġam aċ an ruḋ atá tuillte agam. Ní raiḃ aon ċearṫ agam dioḃáil a ḋéanaṁ do’n ruḋ a ḃí a’m ċosaint ar mo naṁaid!

An Múineaḋ.

Ni’l maiṫ is uaisle ’ná maiṫ i n-aġaiḋ an uilc. 15Ní cóir ḃeiṫ buiḋeaċ de’n t-é ḋéanfaiḋ maiṫ i n-aġaiḋ na maiṫeasa. An t-é ḋéanfaiḋ olc i n-aġaiḋ an uilc, is olc an rud le déanaṁ é, aċ b’ḟéidir nár ḃ'ḟuiriste ḃeiṫ dian air uaireanta nuair a déanfaí an t-olc ró ġránna air. Aċ an 20t-é ḋéanfaiḋ olc i n-aġaiḋ na maiṫeasa, ní fios cad é an pionós is ceart a ċur air.

Dein-se maiṫ i n-aġaiḋ an uilc.

Dá ndeineaḋ gaċ aoinne maiṫ i n-aġaiḋ an uilc níor ḃ’ fada go mbéaḋ an t-olc díbearṫa as an 25saoġal.