Page:Aesop a tháinig go h-Éirinn, Cnuasach a II.djvu/45

This page has been proofread.

41

29.—AN t-AṪAIR NIṀE AGUS AN LÍOṀÁN.

Ċuaiḋ an t-aṫair niṁe isteaċ sa ċeardċain an ḟaid a ḃí an gaḃa amuiċ. Ċimil sé leis an líoṁán. Do ġortuiġ an líoṁán é. Ṫug sé snap ar an lioṁán agus ṁeas sé na fiacala niṁe a ċur tríd. Níor ḟéad sé na fiacala ċur tríd an 5 gcruaiḋ, níḋ nár b’iongnad, aċ ċoimeád sé a ġreim agus ḃí sé ag oibriuġaḋ na ḃfiacal.

Do sgaoil an líoṁán leis ap feaḋ tamaill. Ansan do labair sé.

“Airiú, bíoḋ ciall agat,” ar séiféan, “agus 10 cuṁ uait an ċogaint. Ná fuil ḟios agat go ḃféadfainn-se, dá mba ṁaiṫ liom é, na fiacala san a ḋ’iṫe amaċ as do ċeann!”

An Múmeaḋ.

Ná bí ag casaḋ le rud a ḋéanaṁ atá lasmuiċ 15 ar fad de d’ ċumas. Ní ḋéanfair aċ t’ ḟiacala do ṁeilt agus ḋo ḃriseaḋ leis, agus sin a mbeiḋ d’á ḃárr agat.

Is beag má tá aon níḋ is mó a ṫuilleann droċ-ṁeas ’ná dpoċ-aigne ag casaḋ le díoḃáil a 20 ḋéanaṁ, agus gan ar a cumas é ḋéanaṁ