Page:Aesop a tháinig go h-Éirinn, Cnuasach a II.djvu/46

This page has not been proofread.

42

30.—AN COLLEAĊ AGUS AN T-ASAL AGUS AN LEÓṀAN.

Ḃí an coileaċ i n-áirde ar an gcruaiċ. Ḃí an t-asal ag staṫaḋ an ḟéir a’ bun na cruaiċe agus ’á iṫe. Cé ḃuailfeaḋ i dtreó na h-áite aċ an leóṁan. Ċonnaic an coileaċ é agus ċuir sé 5 glaoḋ as. Deirtear ná fuil aon rud is lúġa ar an leóṁan ’ná glaoḋ coiliġ. Ċóṁ luaṫ agus d’airiġ sé an ġlaoḋ ó’n gcoileaċ ċuir sé búirṫ as agus do riṫ sé as an áit.

Le linn ġlaoiḋ an ċoiliġ ċuir an t-asal béic 10 uaṫḃáfaċ as. Ansan ċonnaic sé an leóṁan ag imṫeaċt ar cos-anáirde.

“Dar fiaḋ,” ar seisean," aċ tá sé ag teiṫeaḋ uaim!” agus siúd i ndiaiġ an leóṁain é agus gaċ aon ḃéic aige. D’imṫiġeadar as raon ġlaoiḋ 15 an ċoiliġ. D'ḟeuċ an leóṁan laistiar dé. Ċonnaic sé an t-asal ag fiṫ ’n-a ḋiaiġ. D’iompuiġ sé air agus do rug sé ar ḃaic ṁuiníl air agus ṁairḃ sé é. Ḃí an coileaċ ag feuċaint orṫa.

“Ċeap an t-amadán san,” ar séisean, “gur ḃ’ 20 é féin a ċuir an ruag ar an leóṁan! Tá díolta go daor as an ndearṁad aige.”

An Múmeaḋ.

Ná glac creideaṁaint ḋe ḃárr gníṁ nár

ḋeinis agus ná faiḃ ar do ċumas a ḋéanaṁ, nó