Page:Aesop a tháinig go h-Éirinn, Cnuasach a II.djvu/59

This page has not been proofread.

55

38.—AN ḂRAMAĊ AGUS AN LEÓṀAN.

Ċonnaic an leóṁan an bramaċ. Ḃí an bramaċ go beaṫuiġṫe agus go sleaṁain.

Is breaġ méiṫ an greim feóla a ġeóḃainn ann,” arsa’n leóṁan i n-a aigne féin. “Ní mór ḋom teaċt suas leis ar ċuma éigin agus é 5 ṁarḃuġaḋ ḋom féin.”

Ṫug an bramaċ fé ndeara go raiḃ an leóṁan ag faire air.

“Ní mór ḋom mo ṡúil a ċoimeád ort-sa, a ḃioránaiġ!” ar seiséan. 10

Ċuir an leóṁan fógraḋ amaċ ’ġá ráḋ gur ḋoċtúir é féin agus go raiḃ árd eólus aige ar leiġseanaiḃ.

“Seaḋ go díreaċ,” arsa’n bramaċ, “agus curfar mise ag triall air le leiġeas agus mar- 15 ḃóċaiḋ sé mé, agus déarfaiḋ sé gur de’n ġalar a fuaras bás! Aċ béad-sa suas leis.”

Do leig sé air leis an mbuaċaill go raiḃ coiscéim bacaiġe ann. Do rugaḋ ċun na ceard- ċan é agus do cuireaḋ cruiḋte nuaḋa féi. Ní 20 raiḃ aon ḃacaiġe air ag teaċt aḃaile. Do sgaoileaḋ amaċ ar an bpáirc é. Ċonnaic sé an leóṁan ag faire air. Ḃuail sé ċuige anonn agus coiscéim bacaiġe i gcois deiriḋ leis, mar ’ḋ eaḋ. 25

“Feuċ, a ḋoċtúir,” ar seisean, “do cuireaḋ

cruiḋte nuaḋa fúm ó ċianaiḃ agus is eagal liom