Page:Aesop a tháinig go h-Éirinn, Cnuasach a II.djvu/65

This page has not been proofread.

61

An Múineaḋ.

Tá bríġ an sgéil seo doiṁinn, agus baineann a ḋoiṁneas leis an gCríosdaiḋe anois ċóṁ maiṫ agus ḃain sé leis an bpágánaċ i n-aimsir Aesoip.

Bíonn daoine go minic ag guiḋe go cruaiḋ ċun 20 Dé, a d’iarraiḋ taḃarṫais air, agus gur ar ṁaiṫe leo féin ar fad a ḃíonn dúṫraċt an ġuiḋe. Ní ḃíonn aon ġráḋ do Ḋia sa ġuiḋe. Ní tugtar dóiḃ an taḃarṫas a bíonn uaṫa, níḋ naċ iongnaḋ. Ansan iompuiġid siad i gcoinniḃ Dé ar fad. 25 Ní measa i láṫair Dé an uair sin iad ’ná nuair a ḃíodar ag guiḋe ċuige, ar ṁaiṫe leó féin ar fad. Ní h-eaḋ, aċ is fearr an uair sin iad mar ní ḃíonn an ḃréagaiġe ionta. Ní ḃíd siad ’ġá leigint orṫa ḃeiṫ ag aḋraḋ Dé agus gan sa 30 n-aḋraḋ aċ éiṫeaċ.

Is minic, nuair a ḃíonn an duine iompuiġṫe i gcoinniḃ Dé ar fad, go dtugann Dia an saoġal so ar a ṫoil dó, mar ná beiḋ aige aċ an donas ar an saoġal eile. 35


43.—AN BUAĊAILL AGUS AN MAĊTÍRE.

Ḃí an buaċaill ag aoḋaireaċt na gcaoraċ. Ċeap sé go mbéaḋ spórt aige ar na daoine a ḃí sa ċóṁarsanaċt. Do riṫ sé agus do liúiġ sé; “Ó,” ar seisean, “an maċtíre! an maċtíre! ag marḃuġaḋ na gcaoraċ!” 5