Page:Aesop a tháinig go h-Éirinn, Cnuasach a II.djvu/67

This page has not been proofread.

63

Droċ-ċóṁarsanaċt is eaḋ ḃeiṫ ag maġaḋ agus ag fonoṁaid fé ḋaoine. Ní raiḃ an raṫ riaṁ ar 35 a leiṫéid.

Ná dein-se indiu gáire naċ ceart duit a ḋéanaṁ, le h-eagla go ndéanfá gol an ġáire sin amáireaċ.


44.—CÚPID AGUS AN BÁS.

Ḃí Cúpid lá breaġ gréine ag spórt dó féin i n-aice na pluaire n-a mbíonn ar bás ’n-a ċóṁ- nuiḋe ann. I gceann tamaill do ġoill an broṫall air. Ċuaiḋ sé isteaċ sa ṗluais a ḃí ċóṁ breaġ, ċóṁ h-ionnḟuar. Ċaiṫ sé é féin ar an dtalaṁ 5 agus ṫuit a ċodlaḋ air. An ḟaid a ḃí sé ’n-a ċodlaḋ do h-iompuiġeaḋ an taisge agus do ṫuit na saiġde go léir amaċ ar an úrlár, agus ċuadar féin agus saiġde an ḃáis, a ḃí caiṫte ar an úrlár, ċuadar tré n-a ċéile. Ar ball, nuair a ḋúisiġ 10 Cúpid as a ċodlaḋ, ċrom sé ar na saiġde do ḃailiuġaḋ agus do ċur ċuige.

Ḋein sé dearṁad, mar ḃí an codlaḋ i n-a ṡúiliḃ. Ṫóg sé ċuige cuid de ṡaiġdiḃ an ḃáis, agus d’ḟág sé ’n-a ḋiaiġ cuid d’á ṡaiġdiḃ féin. 15

Sin é cúis, adeir Aesop, go dtagann an bás, uaireanta, ar ḋaoiniḃ óga breaġṫa, nuair is ar ġráḋ ba ċóir iad a ḃeiṫ ag cuiṁneaṁ, agus go dtuitid sean-daoine i ngráḋ, uaireanta, nuair ba ċóir gur ar an mbás a ḃeidís ag cuiṁneaṁ. 20