Page:Aesop a tháinig go h-Éirinn, Cnuasach a II.djvu/68

This page has been proofread.

64

An Múineaḋ.

Níor ḋein Aesop aċ an scéal beag so do ċeapaḋ mar ṁíniuġaḋ, dar leis, ar rud nár ṫuig sé. I dtaoḃ an ḃáis a ḃeiṫ ag teaċt ar ḋaoiniḃ óga 25 ní’l againn le ráḋ aċ mar adúḃairt ár ḃfile féin:—

“Claḋaire is eaḋ an bás a ḃíonn ag gaḃáil ins
gaċ aon ḃall,
A’s ní fearr leis duine aosta ’ná leanḃ beag
30óġ.”

Agus i dtaoḃ na sean-daoine a ḃíonn ag tuitim i ngráḋ nuair ba ċirte ḋóiḃ ḃeiṫ ag cuiṁneaṁ ar an mbás, ní dóiċ liom féin go ḃfuil le ráḋ leó aċ an sean-ḟocal úd:—

35 “Bíonn duine ’n-a leanḃ ḋá uair.”

CRÍOĊ CNUASAIĠ A DÓ.