4
20arsa’n t-uan, agus sgannraḋ ag teaċt air nuair a ċonnaic sé an teine i súiliḃ an ṁaċtíre agus an cúḃar le n-a ḃéal, “ni mise a ḃí ag tromaiḋeaċt ort an lá san, mar ní raḃas ar an saoġal i n-aon ċor an uair sin.”
25“Feuċ!” arsa’n maċtíre, “mar a ṫugann sé an t-éiṫeaċ dom suas le m’ béal! Mura raḃais-se ’ġá ḋéanaṁ ḃí t’aṫair ’ġá ḋéanaṁ, agus bainfiḋ mé sásaṁ díot-sa anois as.”
Agus do rug sé ar an uan, agus ṁairḃ sé é 30agus d’iṫ sé é.
An Múineaḋ.
Ní raiḃ rógaire ríaṁ fós gan a ḋóiṫin féin de leiṫsgéal aige ċun na h-éagcóra ḋéanaṁ.
“Seaċain an ḋroċ-duine agus ní baoġal duit 35an ḋuine macánta.”
Mo ṫruaġ an ceart nuair a ḃíonn sé gan neart.
2.—AN t-ASAL AGUS AN t-APA AGUS AN CAOĊAN.
Ḃí an t-asal agus an t-apa lá ag cásaṁ a ndeacraí.
“Naċ truaġ an sgéal agam-sa é,” arsa’n t-asal, “agus gan pioc des na h-aḋarcaiḃ orṁ. 5Dá mbéaḋ aḋarca orm naċ ḃreaġ a ḋ'féaḋfainn mé féin a ċosaint ar naṁaid, fé mar a ḋeinean