Page:Aesop a tháinig go h-Éirinn.djvu/17

This page has been proofread.

15

dínnéar mór agus cuideaċta uasal sa tig i dtusaċ na h-oiḋċe. Ḃí bia briste ar an úrlár, oiread agus ná h-íosfad fiċe luċ. Do cuireaḋ an luċ tuaṫa ar lár an úrláir, ar ḃrat úrláir gur ḋóiċ le duine gur ṁór an peacaḋ seasaṁ air. Do cuireaḋ os a ċóṁair sóḋluistí nár ṡóḋluistí go dtí iad, bia uasal buacaċ nár ḃlais sé a leiṫéid riaṁ agus náċ lúġa ’ná ṁeas sé go raiḃ a leiṫéid déanta. Isé a ḃí ar a ṡástaċt. “Náċ truaġ,” ar seisean i n-a aigne féin, “ná tánag anso fadó!”

Is ar éigin a ḃí an maċtnaṁ san déanta aige nuair a h-osglaḋ an dorus agus ṫáinig daoíne isteaċ. Do sgiúrd na luċaig anonn ’s anall fé’n dtriosgán. Ḃí i n-aonḟeaċt leis na daoíne piarda de ġaḋar ṁór ṁiċuíḃsaċ, maistín grána colgaċ agus é ag léimrig ar fuaid an úrláir, agus go gcriṫidís fallaí an tíġe le gaċ olḃúir de ġlam d’á gcuireaḋ sé as. Ḃí an luċ boċt iasaċta i dteanta. Do stadaḋ a anál, agus ba ḃeag ná go dtuiteaḋ an t-anam as, i n-aġaiḋ gaċ ulfairte d’á gcuireaḋ an gaḋar mór as.

I gcionn tamail d’imṫig na daoíne amaċ agus d’imṫiġ an gaḋar mór i n-aonḟeaċt leo, agus do dúnaḋ an dorus.

Ansan do laḃair luċ na tuaṫa le n-a ċaraid. “Má sé seo saoġal atá agatsa anso,” ar seisean, “ní beag liomsa ḋé!” D’éaluiġ sé amaċ agus d’éaluiġ sé aḃaile, agus ba ṁaiṫ an t-é ḟéadfaḋ é ṁeallaḋ i dtreó na caṫraċ airís. Nuair ḃuailidís na luċaig a ḃí sa ċóṁarsanaċt uime ó am go h-am agus nuair ḟiafraiġdís dé cad é an saġas áite an baile mór ní ḟéadaidís a ḟáġail as ċoíḋċe aċt—“Ní caṫair mar a ṫuairisg é!”

An Múineaḋ.

Seaċain aér an tsaoġail. Seaċain an uaisleaċt nár ṫaiṫíġis. “Ní caṫair mar a tuairisg í.”

“Is buan fear ’n-a ḋúṫaiġ.”



18.—AN ḞIOLAR AGUS AN MADA RUAḊ.


Ḃí fiolar ag soláṫar d’á h-ál maidion. Do ċonaic sí ag bruaċ pluaise, ’ġá ġrianaḋ féin, coileán an ṁada ruaiḋ. Do ṫúirling sí air agus do sgiob sí ċum siuḃail é ’n-a ḋá croḃ. Ċonaic máṫair an ċoileáin í ag imṫeaċt agus an coileán aici. “Ó!” ar sise, “ar ġráḋ ṫ’oinig, a eun uasal, ná beir uaim mo ċoileán breáġ beaṫuiġṫe ruaḋ, agus gan agam aċt é!” Níor ṫug an ḟiolar aon toraḋ uirṫi. Ḃí daoíne i gcóṁgar na h-áite agus altóir déanta acu, agus ḃí teine acu ar an altóir ċum íḋbirte. D’imṫig an mada ruaḋ agus do sgiob sí de’n altóir