Page:Aesop a tháinig go h-Éirinn.djvu/18

This page has been proofread.

16

smailín aḋmaid agus é ar lasaḋ, agus siúd anonn í go dtí an crann daraiġe ’na raiḃ nead an ḟiolair ṫuas ann. Ḃí cruinniúġaḋ mór de ḋuileaḃar ḟeóċta agus do ḃrosna agus de ċipineaċ ag bun an ċrainn. Nuair ċonaic an ḟiolar an mada ruaḋ ag teaċt agus an teine aici, ṫáinig sgannraḋ uirṫi sul a loisgfí a nead agus a h-ál. “Ó! stad, stad,” ar sise. ”Ġeaḃair do ċoileán.” Ṫug sí léi anuas an coileán láiṫreaċ agus ċuir sí uaiṫi é, slán foláin, ag bruaċ na pluaise, mar a ḃfuair sí é.

An Múineaḋ.

Ná déin an éugcóir. Dá ṡuaraíġe é an t-é go ndéanfair an éugcóir agus an láṁláidir air, beiḋ sé suas leat ar ċuma éigin, luaṫ nó mall, agus ní tu is fearr a ṫiocfaiḋ as.



19.—AN FROG AGUS AN LUĊ.


Ḃí imreasán mór tráṫ idir an ḃfrog agus an luċ, feuċaint ciacu go mbéaḋ an túrtóg aige. Ḃí an frog ró láidir do’n luiċ agus is minic a ṫagaḋ sé uirṫi de léim agus do dtugaḋ sé folṫaċtaḋ ḋí. Aċt ḃí an luiċín glic aicilliġe, agus is minic a ṫagaḋ sí laistiar de’n ḃfrog agus ná h-airíġeaḋ sé í go mbaineaḋ sí droċ ṁiotóg as, a ċuireaḋ ag sgreadaig é.

Fé ḋeire ċeapadar lá ċum an sgéil do ṫroid amaċ ar ġálaiḃ aonair.

Ṫáinig an dá ġaisgíḋeaċ ar an láṫair caṫa agus isé arm a ḃí ag gaċ gaisgíḋeaċ acu ’ná broḃ maiṫ láidir luaċra agus bior air. Do ṫroideadar go calma cróġa ar feaḋ tamail agus ba ṁaiṫ ċuige iad. Aċt le méid a ḃfuaṫ d’á ċéile agus le méid a ngúḃa do’n ċóṁrac níor ṫugadar fé ndeara an seaḃac. Aċt do ċonaic seisean iadsan. Do ṡleaṁnuig sé anuas orṫa agus do sguab sé ċum siúḃail iad, an luċ i gcroḃ leis agus an frog sa ċroḃ eile.

An Múineaḋ.

Cogaḋ carad caoí naṁad.

“Ní ḃíon an raṫ aċt mar a mbíon an smaċt.” An ċéad smaċt ’na aċéile smaċt ar ḋuine féin. An ṁuíntir ná cuirfiḋ smaċt ar a mioscais féin, ní ḃeiḋ ċoíḋċe aċt ag bruiġean agus ag clampar agus ag troid, ag iṫe a ċéile agus ag stolaḋ a ċéile, agus na cóṁarsain ag magaḋ fúṫa, go dtí fé ḋeire go dtagan a naṁaid aicionta agus go gcuirean sé a ṁalairt de ċúram orṫa.

Is usa do ḋuine é féin ’ġá smaċtúġaḋ féin ’ná a naṁaid ’ġá smaċtúġaḋ.