Page:Aesop a tháinig go h-Éirinn.djvu/24

This page has been proofread.

22

An Múineaḋ.

“Is treise dúċas ’ná oileaṁaint.”

“Brisean an dúċas tré ṡúiliḃ an ċait.”

“An ḟaid a ṁairfir féin iseaḋ ṁairfiḋ do ḃéas.”

“Mar a ṁairis riaṁ iseaḋ ṁairfá ċoíḋċe

Ó ṫúis an ċluiċe go deire na sgríbe.” (An Peacaċ agus an Bás).



28.—AN LEÓN AGUS AN MAĊTÍRE AGUS AN MADA RUAḊ.


Ḃí an león ag dul i n-aoís, agus ḃí sé gan ḃeiṫ ar fóġnaṁ. Ṫáinig na beiṫíġ go léir go h-úṁal ’ġá ḟéuċaint aċt aṁáin an mada ruaḋ.

“Ní ḟeadar cad ’tá ag coimeád an ṁada ruaiḋ,” arsa’n león.

“Tá a ḟios agamsa cad ’tá ’ġá ċoimeád,” arsa’n maċtíre. “Ceapan sé náċ baoġal dó feasda tú, agus ní ḟéadfaḋ sé gan a ḋroċ iompur do ṫaisbeáint.”

Ḃí an mada ruaḋ amuiċ ag éisteaċt leis an gcaint. Do ṗreab sé isteaċ láiṫreaċ. “A ríġ onóraig!” ar seisean, “gaḃ mo leaṫsgéal! Ḃeinn anso fadó riaṁ aċt tá an dúṫaig siúḃalta agam ag lorg leiġis do t’onóir, agus tá an leiġeas agam, le toil t’onóra.”

“Is maiṫ é sin! Is maiṫ é sin!” arsa’n león. “Cad é an leiġeas é? Inis é. Inis é.”

“Tá,” arsa’n mada ruaḋ, “an croicean do ḃaint beó de ṁaċtíre agus é ḟilleaḋ teiṫ ar do ċeann.”

Ḃí an maċtíre ag éisteaċt leis. Do rugaḋ air agus baineaḋ an croicean dé beó.

An Múineaḋ.

“Díng de’n lioḃán a sgoilean í féin.”



29.—AN MADA RUAḊ AGUS AN MAĊTÍRE.


Ḃailig maċtíre stór mór i bpluais, agus ansan ċeap sé fanaṁaint sa ṗluais ar a ṡástaċt an ḟaid a leanfaḋ an lón. D’airig an mada ruaḋ an sgéal. Ṫáinig sé ċum na pluaise.