Page:Aesop a tháinig go h-Éirinn.djvu/27

This page has been proofread.

25

“Téimís,” ar sise airís leó, “agus bainimís an ceann dé agus loitfiḋ san anois féin é.” Níor ḋeineadar aċt ḃeiṫ ag magaḋ fúiṫi agus ag glaoḋaċ “áinle an ḟeasa” uirṫi.

Nuair ċonaic sí ná glacfidís cóṁairle a leasa uaiṫi isé rud a ḋéin sí ’ná imṫeaċt uaṫa ar fad. Ó ṡin aleiṫ séanan an áinle na coillte agus na craoḃċa agus déinean sí a nead fé ḋíonaiḃ agus fé ṡlíngiḃ agus fé sgiḃéalaiḃ na dteaċ, i n-áit náċ baoġal dí líonta.

An Múineaḋ.

“Is usa an t-olc do ċosg i n-am ’ná é leiġeas i n-antráṫ.”

“Ní h-é lá na gaoíṫe lá na sgolb.”

“Ní h-é am na cneadaíġe am na h-aiṫríġe.”

“Is fearr féuċaint roiṁe ḋuine ’ná ḋá ḟéuċaint ’na ḋiaiḋ.”

“An t-é ná déanfaiḋ a leas seaċain é nó ní ḋéanfir-se do leas.”



33.—AN SGIAṪÁN LEAṪAIR AGUS AN EAS.


Do rug eas ar sgiaṫán leaṫair. “Ó! ná mairḃ mé! Iaraim ar ġráḋ ṫ’ oinig é, taḃair faoiseaṁ dom!” arsa ’n sgiaṫán leaṫair.

“Ní ṫugaim dul as d’ éunaiḃ,” arsa ’n eas.

“Sdó, ní h-éun mise. Féuċ, is luċ mé,” arsa ’n sgiaṫán leaṫair.

D’ ḟéuċ an eas air. “Is dóiċ liom go ḃfuil an ceart agat,” ar sise, agus do sgaoíl sí uaiṫi é.

Tamal ’na ḋiaiḋ san do rug eas eile air. “Ó!” ar seisean airís, “ná mairḃ mé! Iaraim ar ġráḋ ṫ’ oinig é, taḃair faoiseaṁ dom.”

“Ní ṫugaim dul as do luċaiḃ,” arsa’ n eas.

“Sdó, ní luċ mise,” ar seisean. “Feuċ, siniad mo ḋá sgiaṫán. Is éun mé.”

“Ní deirim ná go ḃfuil an ceart agat,” arsa’ n eas, agus do sgaoíl sí uaiṫi é.

An Múineaḋ.

Is maiṫ an rud do ḋuine ḋá ṡraing do ḃeiṫ ar a ḃoġa aige, aċt gan feall do ḋéanaṁ ar aoinne leó.